Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta

Cás éigeandála

Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.

Custaiméirí Leochaileacha

Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.

Téigh chuig Custaiméirí leochaileacha

Ceisteanna coitianta

Cén fáth ar shocraigh ESB Networks ‘An am maith é seo?’ a sheoladh?

  • Tá plean curtha ar bun in Éirinn le bogadh i dtreo fuinneamh a fháil ón ngaoth agus ó fhoinsí in‑athnuaite eile le neodracht carbóin a bhaint amach. Bíonn neart na gaoithe difriúil ó lá go lá. Athróidh leibhéal na giniúna fuinnimh dá bharr.
  • Agus Éire ag brath níos mó agus níos mó ar an nginiúint leictreachais in‑athnuaite, beidh an córas leictreachais faoi bhrú in amanna áirithe. Ós rud é go bhfuil easpa acmhainní cúltaca giniúna againn, tá baol ann nach mbeidh an soláthar cumhachta in ann an t‑éileamh a shásamh. Is mó an riosca seo ag na buaic‑amanna idir 5 i.n. agus 7 i.n., Luan go hAoine.
  • Amanna eile, agus leibhéal ard den ghiniúint fuinnimh gaoithe ann, seans go mbeidh leibhéal íseal d’úsáid leictreachais ann. Tabharfaidh sin deis do chustaiméirí leictreachas níos glaise a úsáid nach mbeidh chomh dian céanna ó thaobh carbóin de.
  • Tá comhlachtaí áirithe de chuid an rialtais ag obair go dlúth le chéile ionas nach gcuirfear isteach ar chúrsaí agus le húsáid níos fearr a bhaint as soláthar níos glaise. Chuir ESB Networks clár dar teideal ‘Beir bua ar an mBuaic’ ar bun in 2022 mar chuid den chlár Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla chun bheith ag obair le custaiméirí i dtithe cónaithe agus gnólachtaí. Is é an cuspóir atá ann an úsáid leictreachais a dhíriú ar amanna a mbíonn soláthar níos glaine ann seachas amanna a mbíonn an líonra faoi bhrú.
  • Tionscnamh a bhaineann le ‘Beir Bua ar an mBuaic’ do thithe cónaithe atá san fheachtas ‘An Am Maith é Seo?’ ó ESB Networks. Feachtas feasachta agus rannpháirtíochta atá ann le daoine a chur ar an eolas faoin dóigh agus faoin tráth ar chóir dóibh an fuinneamh a úsáid i gcaitheamh an lae, is cuma cén soláthraí leictreachais atá acu. An cuspóir atá taobh thiar den fheachtas ná le eolas a thabhairt do rannpháirtithe le go mbeidh siad in ann smacht a choinneáil ar a n‑úsáid leictreachais agus an deis a thabhairt dóibh luach saothair a bhaint amach as gníomhartha faoi leith a dhéanamh nuair a iarrfar a leithéid orthu, ar choinníoll go mbeidh critéir áirithe sna téarmaí agus coinníollacha á gcomhlíonadh acu.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí