Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Seirbhísí Soilsithe Poiblí 

Éascaíonn ESB Networks naisc le haghaidh soilse poiblí nua a shuiteáil. Mar sin féin, ní dhéanann ESB Networks cothabháil ar shoilsiú poiblí. Is ar na húdaráis áitiúla atá an fhreagracht as soilsiú poiblí a chothabháil. 

Cothabháil

Is leis na húdaráis áitiúla an trealamh soilsithe poiblí go léir.  Áirítear leis sin trealamh gaolmhar atá ag soláthar soilse poiblí, cábla faoi thalamh, micreaphiléir, lasc-sreangú ar líonra lasnairde, cuaillí soilsithe poiblí srl. Is leis na húdaráis áitiúla go leor soilse atá suite ar chuaillí ESB Networks - is leis na húdaráis áitiúla na soilse seo agus a lascthrealamh freisin. 

Is iad na húdaráis áitiúla atá freagrach as an trealamh seo go léir a chothabháil, bíodh sé ar a gcuaillí féin nó ar chuaillí ESB Networks.  Déantar an méid sin trí ghnólacht conarthach leictreachais de ghnáth.   Níl rochtain ag ESB Networks ar fhaisnéis maidir le líon na soilse neamhoibríochtúla ná cá háit a bhfuil siad.  Is iad oifigí soilsithe poiblí na n-údarás áitiúil a choinníonn na sonraí sin.  I bhformhór na gcásanna ina mbíonn soilse as seirbhís, ní gá do ESB Networks a bheith páirteach le hiad a dheisiú. Mar sin féin, cuirfimid criúnna ar fáil arna iarraidh sin, sna cásanna seo a leanas:

Má chinntear gurb é ESB Networks atá freagrach as locht (m.sh. cábla lochtach faoi thalamh nó líne lasnairde ar chuid den líonra atá ag soláthar na soilse), nó 

Más gá an soláthar a dhícheangal chun deisiúcháin a chumasú don údarás áitiúil.  

Naisc nua/athraithe

I gcás oibreacha nua, nó athruithe seirbhíse, áit a bhfuil an t-údarás áitiúil ag iarraidh pointe soláthair atá ann cheana a athlonnú, ní mór d’oifig soilsithe poiblí an údaráis áitiúil iarratas a dhéanamh chuig ESB Networks maidir leis na hoibreacha atá ag teastáil.  Tá an próiseas chun é sin a dhéanamh leagtha amach ar shuíomh gréasáin ESB Networks ag Soilsiú poiblí gan mhéadar (níos lú ná 2kVA) | ESB Networks

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí