Faoin bpróiseas déanta iarratais mionghiniúna, a luaithe a bheidh an Deimhniú gur Suiteáladh Mionghiniúint faighte ag ESB Networks, déanfaimid d’Uasacmhainn Easpórtála (MEC) a nuashonrú agus cuirfimid do sholáthraí leictreachais ar an eolas. Toisc nach bhfuil ESB Networks freagrach as ceannach ná díol leictreachais, beidh ort comhaontú a bheith agat le do Sholáthraí Leictreachais go gceannóidh sé an leictreachas a bheidh tú ag easpórtáil. Le tuilleadh eolais a fháil maidir le cén chaoi a bhfaighidh custaiméirí íocaíocht as leictreachas easpórtáilte, agus cathain ba cheart dóibh a bheith ag súil leis sin, féach láithreán gréasáin an CRU ag Luach saothair d’fhéintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite as leictreachas easpórtáilte.