Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Táim ag iarraidh mo MPRN a nascadh le mo chuntas ach níl ag éirí liom?

Éilíonn ESB Networks ort a fhíorú gur tusa custaiméir cláraithe an MPRN chun rochtain a fháil ar go leor de na seirbhísí atá ar fáil ar do Chuntas ar Líne ESB Networks.  Chun é sin a dhéanamh, seoltar SMS chuig an bhfón póca a bhaineann leis an MPRN sin.  Is éard atá i gceist anseo ná an uimhir fóin póca a thug do sholáthraí leictreachais do ESB Networks. Nuair a dhéanann tú iarracht an MPRN a nascadh, taispeántar ar an scáileán na trí dhigit dheireanacha den uimhir fóin póca a gcuirfear an SMS chuige.

Bíodh sin mar atá, NÍ MÓR don uimhir fóin póca agus don ainm atá cláraithe ar do chuntas a bheith ag teacht leis na sonraí a thug do sholáthraí leictreachais dúinn nó ní sheolfar an SMS.  Cinntigh go n‑úsáidfidh tú na sonraí a luaitear ar do bhille leictreachais le clárú.

Ní mór gur tusa an custaiméir atá cláraithe leis an MPRN chun é a nascadh le do Chuntas ar Líne ESB Networks.  Más rud é go bhfuil tú díreach tar éis bogadh isteach in áitreabh agus nach bhfuil tú cláraithe go hiomlán le soláthraí fuinnimh go fóill, ní bheidh tú in ann an MPRN a nascadh.  A luaithe a bheidh tú cláraithe leis an MPRN, áfach, beidh tú in ann teacht ar ais chuig do Chuntas ar Líne ESB Networks agus an MPRN a nascadh le do chuntas.