Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Cén chaoi a bhfaighidh mé luach saothair?

Is é Prezzee atá roghnaithe ag ESB Networks mar dhíoltóir don chlár ‘An am maith é seo?’. Gheobhaidh tú teachtaireacht ríomhphoist ó Prezzee agus sonraí ann faoi do ríomhchárta bronntanais. Seolfar an ríomhphost seo ón gcuntas delivery@mail.prezzee.uk. Beidh nasc ann leis an ríomhchárta bronntanais a chur ag obair.


Lean na céimeanna thíos le do ríomhchárta bronntanais a shocrú:

  • Más mian leat do ríomhchárta bronntanais ó Prezzee a úsáid, caithfidh tú cuntas a chruthú le Prezzee ar www.prezzee.co.uk. Mar mhalairt, is féidir an aip Prezzee a íoslódáil, na treoracha a úsáid chun cuntas a chlárú agus ansin chun logáil isteach ar do chuntas ar líne le Prezzee.
  • Nuair a gheobhaidh tú an ríomhphost faoin mbronntanas leictreonach ó Prezzee, níl le déanamh agat ach cliceáil ar an nasc sa ríomhphost agus an cód 4 dhigit sa ríomhphost a úsáid leis an luach saothair a chur ar obair. 
  • Beidh tú in ann do ríomhchárta bronntanais ó Prezzee a mhalartú ansin ar ríomhchárta bronntanais ó mhiondíoltóir/ó mhiondíoltóirí ar a láithreán gréasáin.  
  • Beidh do ríomhchárta bronntanais réidh lena úsáid ansin leis na miondíoltóirí is rogha leat ar líne nó istigh sa siopa.  
Más mian leat treoracha níos mionsonraithe a fháil faoin tslí le do ríomhchárta bronntanais ó Prezzee a úsáid agus na háiteanna ar féidir é a úsáid, ba chóir cliceáil anseo.