Bhí Comórtas Phrintíseach na Bliana, 2025 ar siúl in Ionad Oiliúna ESB Networks Déardaoin, an 26 Meitheamh. Ócáid bhliantúil is ea é a eagraítear le haitheantas a thabhairt do thiomantas ESB Networks don oiliúint theicniúil agus d'fhorbairt leanúnach na bprintíseach.
Sa chomórtas, roghnaítear seisear printíseach den cheád scoth ó Chlár Printíseachta Leictreachais ESB Networks as a sárfheidhmíocht, as a dtiomantas agus as an mianach atá iontu, agus cuirtear os comhair an phobail iad. Comhghairdeas mór leis na hiomaitheoirí a bhain áit amach sa bhabhta ceannais: Aoife Murphy, Daniel Ring, Damien Moore, Patrick Connaughton, Seán Connolly, agus Wesley Gibbons. Is í Aoife a bhain Printíseach na Bliana, 2025 sa deireadh agus bhronn Nicholas Tarrant, Stiúrthóir Bainistíochta ESB Networks, Buanchorn Shane Conlon uirthi.
De réir mar a leanann ESB Networks air ag cur líonraí inbhuanaithe ar féidir brath orthu ar fáil do mhuintir na hÉireann agus de réir mar a dhéanann muid dul chun cinn i dtreo na neodrachta, tá tábhacht nach beag ag baint leis na scileanna teicniúla a gcuirtear an spotsolas orthu sa chomórtas.