Rinneadh ESB Networks CGA a chorprú an 8 Nollaig 2008 mar fhochuideachta faoi lánúinéireacht Bhord Soláthair an Leictreachais (ESB). Dílsíodh ESB Networks CGA mar Oibritheoir Córais Dáileacháin ar an 1 Eanáir 2009 de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach, 2008 (I.R. Uimh. 280 de 2008). Tá sé freagrach as oibriú, cothabháil agus forbairt an chórais dáileacháin leictreachais sa Stát.
Tá a bhord féin ag ESB Networks CGA a bhfuil 5 comhaltaí air faoi láthair. Sonraítear in Airteagail Chomhlachais ESB Networks CGA nach mbeidh beirt ar a laghad de na stiúrthóirí ina bhfostaithe, ina gconraitheoirí ná ina sainchomhairleoirí de chuid ESB, ná fochuideachtaí dá chuid, agus go mbeidh siad neamhspleách ar leas ESB. Is iad Bean Caroline Spillane, an tUasal Ian Talbot agus an tUasal Michael Nolan a ceapadh mar stiúrthóirí neamhspleácha de bhun an cheanglais sin.
Ceapadh Nicholas Tarrant ina stiúrthóir bainistíochta ar ESB Networks, agus ina stiúrthóir ar ESB Networks CGA i mí Mheán Fómhair 2021.
Roimhe seo, d’oibrigh sé mar stiúrthóir feidhmiúcháin Innealtóireachta agus Mhórthionscadail BSL agus mar stiúrthóir bainistíochta ar Líonraí Leictreachais Thuaisceart Éireann.
Bhí roinnt post sinsearach bainistíochta aige, lena n-áirítear bainisteoir giniúna a raibh freagracht as punann ghiniúna ESB air.
Is innealtóir cairte é in Institiúid Innealtóirí na hÉireann, is stiúrthóir cairte é agus tá MSc sa Bhainistíocht bainte amach aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.