Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Bord ESB Networks CGA

Rinneadh ESB Networks CGA a chorprú an 8 Nollaig 2008 mar fhochuideachta faoi lánúinéireacht Bhord Soláthair an Leictreachais (ESB). Dílsíodh ESB Networks CGA mar Oibritheoir Córais Dáileacháin ar an 1 Eanáir 2009 de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach, 2008 (I.R. Uimh. 280 de 2008). Tá sé freagrach as oibriú, cothabháil agus forbairt an chórais dáileacháin leictreachais sa Stát.

Tá a bhord féin ag ESB Networks CGA a bhfuil 5 comhaltaí air faoi láthair. Sonraítear in Airteagail Chomhlachais ESB Networks CGA nach mbeidh beirt ar a laghad de na stiúrthóirí ina bhfostaithe, ina gconraitheoirí ná ina sainchomhairleoirí de chuid ESB, ná fochuideachtaí dá chuid, agus go mbeidh siad neamhspleách ar leas ESB. Is iad Bean Caroline Spillane, an tUasal Ian Talbot agus an tUasal Michael Nolan a ceapadh mar stiúrthóirí neamhspleácha de bhun an cheanglais sin.

Headshot of Michael Nolan Michael Nolan Stiúrthóir

Ceapadh Michael Nolan ina stiúrthóir neamhspleách ar Bhord ESB Networks CGA i mí na Bealtaine 2022.

 

Is céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe, Choláiste na Tríonóide agus Ollscoil Oxford é Michael, agus tá cúlra aige i mbonneagar agus oibríochtaí iompair.

 

Bhí sé ina phríomhfheidhmeannach agus ina chomhalta boird ar Bhonneagar Iompair Éireann (2015-2020), agus ina cheann ar mhórthionscadail agus chláir chaipitil ag an Údarás um Bóithre Náisiúnta (2007-2015). D’oibrigh Michael i róil éagsúla Údaráis Áitiúil, mar cheannaire ar thionscadail mhótarbhealaigh idiruirbeacha éagsúla go príomha. Chaith sé tamall freisin ina chathaoirleach ar Ghrúpa Oibre Choimisiún Forbartha an Iarthair ag forbairt Innéacs Soghluaisteachta Inbhuanaithe. Tá Michael ina chomhalta freisin de bhord an chláir BusConnects. In 2021, cheap an taire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Michael ina chathaoirleach ar an nGrúpa Comhairleach um Mórthionscadail. Is innealtóir cairte é Michael agus is comhalta d’Innealtóirí Éireann é freisin.