Rinneadh ESB Networks CGA a chorprú an 8 Nollaig 2008 mar fhochuideachta faoi lánúinéireacht Bhord Soláthair an Leictreachais (ESB). Dílsíodh ESB Networks CGA mar Oibritheoir Córais Dáileacháin ar an 1 Eanáir 2009 de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach, 2008 (I.R. Uimh. 280 de 2008). Tá sé freagrach as oibriú, cothabháil agus forbairt an chórais dáileacháin leictreachais sa Stát.
Tá a bhord féin ag ESB Networks CGA a bhfuil 5 comhaltaí air faoi láthair. Sonraítear in Airteagail Chomhlachais ESB Networks CGA nach mbeidh beirt ar a laghad de na stiúrthóirí ina bhfostaithe, ina gconraitheoirí ná ina sainchomhairleoirí de chuid ESB, ná fochuideachtaí dá chuid, agus go mbeidh siad neamhspleách ar leas ESB. Is iad Bean Caroline Spillane, an tUasal Ian Talbot agus an tUasal Michael Nolan a ceapadh mar stiúrthóirí neamhspleácha de bhun an cheanglais sin.
Tá Marie Sinnott ina rúnaí cuideachta ar ESB Networks CGA, agus ina rúnaí cuideachta grúpa ar ESB.
Sular ceapadh in 2019 í, bhí Marie ina Ceannaire Grúpa ar Chomhlíonadh agus Bainistíocht Riosca Fiontair in BSL agus roimhe sin, d’oibrigh sí i roinnt ról bainistíochta sinsearaí ar fud na heagraíochta.
Is céimí tráchtála de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus bhain sí MSc amach sa Staidéar Beartas Eacnamaíoch ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Dioplóma Iarchéime i Rialachas Corparáideach ó Scoil Chéimithe Gnó Michael Smurfit UCD. Tá Marie ina ball d’Údarás Rialaithe Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus ina stiúrthóir agus ina rúnaí cuideachta ar Bhord na hInstitiúide Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha.