Rinneadh ESB Networks CGA a chorprú an 8 Nollaig 2008 mar fhochuideachta faoi lánúinéireacht Bhord Soláthair an Leictreachais (ESB). Dílsíodh ESB Networks CGA mar Oibritheoir Córais Dáileacháin ar an 1 Eanáir 2009 de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach, 2008 (I.R. Uimh. 280 de 2008). Tá sé freagrach as oibriú, cothabháil agus forbairt an chórais dáileacháin leictreachais sa Stát.
Tá a bhord féin ag ESB Networks CGA a bhfuil 5 comhaltaí air faoi láthair. Sonraítear in Airteagail Chomhlachais ESB Networks CGA nach mbeidh beirt ar a laghad de na stiúrthóirí ina bhfostaithe, ina gconraitheoirí ná ina sainchomhairleoirí de chuid ESB, ná fochuideachtaí dá chuid, agus go mbeidh siad neamhspleách ar leas ESB. Is iad Bean Caroline Spillane, an tUasal Ian Talbot agus an tUasal Michael Nolan a ceapadh mar stiúrthóirí neamhspleácha de bhun an cheanglais sin.
Ceapadh Marguerite Sayers ina stiúrthóir agus ina cathaoirleach ar Bhord ESB Networks CGA i mí Iúil 2022.
Tá sí ina leas-phríomhfheidhmeannach freisin ar ESB agus roimhe sin, bhí sí ina stiúrthóir feidhmiúcháin ar Réitigh do Chustaiméirí ESB agus ina stiúrthóir bainistíochta ar ESB Networks CGA.
D’oibrigh sí i bpoist theicniúla agus bhainistíochta éagsúla le ESB le breis agus 30 bliain, lena n-áirítear bainisteoir giniúna agus ceann bainistíochta sócmhainní do ESB Networks.
Tá céim bainte amach aici san Innealtóireacht Leictreach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Is innealtóir cairte í, chomh maith le bheith ina comhalta agus iar-Uachtarán ar Innealtóirí Éireann, comhalta d'Acadamh na nInnealtóirí, ball de Bhord Energy UK agus gobharnóir ar Iontaobhas an Irish Times.