Rinneadh ESB Networks CGA a chorprú an 8 Nollaig 2008 mar fhochuideachta faoi lánúinéireacht Bhord Soláthair an Leictreachais (ESB). Dílsíodh ESB Networks CGA mar Oibritheoir Córais Dáileacháin ar an 1 Eanáir 2009 de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach, 2008 (I.R. Uimh. 280 de 2008). Tá sé freagrach as oibriú, cothabháil agus forbairt an chórais dáileacháin leictreachais sa Stát.
Tá a bhord féin ag ESB Networks CGA a bhfuil 5 comhaltaí air faoi láthair. Sonraítear in Airteagail Chomhlachais ESB Networks CGA nach mbeidh beirt ar a laghad de na stiúrthóirí ina bhfostaithe, ina gconraitheoirí ná ina sainchomhairleoirí de chuid ESB, ná fochuideachtaí dá chuid, agus go mbeidh siad neamhspleách ar leas ESB. Is iad Bean Caroline Spillane, an tUasal Ian Talbot agus an tUasal Michael Nolan a ceapadh mar stiúrthóirí neamhspleácha de bhun an cheanglais sin.
Ceapadh Ian Talbot ina stiúrthóir neamhspleách ar Bhord ESB Networks CGA i mí na Bealtaine 2019.
Tá Ian ina phríomhfheidhmeannach ar Chambers Ireland agus ina ard-rúnaí ar Chomhlachas Idirnáisiúnta Tráchtála Éireann (ICC). Roimh na ceapacháin sin, d’oibrigh Ian mar stiúrthóir ar Citigroup agus JP Morgan Chase in Éirinn ar feadh 18 mbliana.
Bhain sé cáilíocht amach mar chuntasóir cairte le Price Waterhouse, agus d’oibrigh sé in oifigí na cuideachta sin i mBaile Átha Cliath agus i Lucsamburg. Tá céim MA agus BBS bainte amach aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Tá sé ina leas-uachtarán ar Eurochambres, ina bhall den Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta, agus ina stiúrthóir ar Skillnet Ireland.