Rinneadh ESB Networks CGA a chorprú an 8 Nollaig 2008 mar fhochuideachta faoi lánúinéireacht Bhord Soláthair an Leictreachais (ESB). Dílsíodh ESB Networks CGA mar Oibritheoir Córais Dáileacháin ar an 1 Eanáir 2009 de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach, 2008 (I.R. Uimh. 280 de 2008). Tá sé freagrach as oibriú, cothabháil agus forbairt an chórais dáileacháin leictreachais sa Stát.
Tá a bhord féin ag ESB Networks CGA a bhfuil 5 comhaltaí air faoi láthair. Sonraítear in Airteagail Chomhlachais ESB Networks CGA nach mbeidh beirt ar a laghad de na stiúrthóirí ina bhfostaithe, ina gconraitheoirí ná ina sainchomhairleoirí de chuid ESB, ná fochuideachtaí dá chuid, agus go mbeidh siad neamhspleách ar leas ESB. Is iad Bean Caroline Spillane, an tUasal Ian Talbot agus an tUasal Michael Nolan a ceapadh mar stiúrthóirí neamhspleácha de bhun an cheanglais sin.
Ceapadh Caroline Spillane ina stiúrthóir neamhspleách ar Bhord ESB Networks CGA i mí na Bealtaine 2019.
Is í Caroline Príomhfheidhmeannach Institiúid na Stiúrthóirí in Éirinn. Thosaigh sí sa ról i mí Iúil 2022. D’oibrigh Caroline i roinnt róil ceannaireachta sinsearaí, lena n-áirítear an ról is déanaí a bhí aici mar Ard-Stiúrthóir Innealtóirí Éireann (an comhlacht gairmiúil uile-Éireann d’innealtóirí), chomh maith le Príomhfheidhmeannach Chomhairle na nDochtúirí Leighis in Éirinn (an rialtóir reachtúil neamhspleách do bhreis is 25,000 cleachtóir leighis), agus Stiúrthóir Cúnta Náisiúnta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Tá taithí ag Caroline mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin agus d’fhóin sí mar chomhalta ar Bhord an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) agus ar Bhord Thaighde Déantúsaíochta na hÉireann. Chomh maith leis sin, tá sí páirteach i nGrúpa Comhairleach do Balance for Better Business, is grúpa athbhreithnithe neamhspleách gnóthreoraithe ar bhunaigh an rialtas é le cothromaíocht inscne a fheabhsú i measc an lucht ceannaireachta sinsearaí in Éirinn.
I measc na gcáilíochtaí atá ag Caroline tá Baitsiléir Ealaíon ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Máistreacht ó Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Tá sí ag gabháil do chlár Dochtúireachta le hOllscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt faoi láthair.