2024 FOI disclosure logs
FOI00801
Cur síos ar an iarratas
Déanaim iarratas leis seo ar liosta de na míreanna seo a leanas:
- An meánlíon gearrthacha cumhachta in aghaidh an tí in Éirinn in 2023 agus 2024 (go dtí seo)
- Taifid de na gearrthacha go léir a bhí beartaithe i limistéar Chill na Siúrach/Rinn Mhaoilín de Phailís Chaonraí, Co. Luimnigh in 2023 agus 2024 (go dtí seo)
- Taifid de na gearrthacha cumhachta neamhsceidealta i limistéar Chill na Siúrach/Rinn Mhaoilín de Phailís Chaonraí, Co. Luimnigh.
- Taifid d’aon uasghrádú nó réiteach beartaithe ar na gearrthacha cumhachta eadrannacha i limistéar Chill na Siúrach/Rinn Mhaoilín de Phailís Chaonraí. Co. Luimnigh
- An fad in uaireanta agus nóiméid a bhain le gach gearradh sa liosta thuas.
FOI00793
Cur síos ar an iarratas
Cén cineál/branda péinte atá á úsáid faoi láthair chun Simléir an Phoill Bhig a athphéinteáil?
FOI00798
Cur síos ar an iarratas
Déanaim iarratas leis seo lena fháil amach cá mhéad méadar cliste a suiteáladh i gcórais trí phas in Éirinn sna blianta 2022, 2023 agus sna chéad sé mhí de 2024.
FOI00783
Cur síos ar an iarratas
FOI00782
Cur síos ar an iarratas
Bhí gearradh cumhachta fada i m’eastát aréir. Gabhaim buíochas le d’fhoireann as an gcumhacht a chur ar ais ar siúl arís. Ar an drochuair, ní hé sin an chéad uair a tharla sé. Le thart ar bhliain anuas, tugaim faoi deara gur tharla sé roinnt uaireanta. De ghnáth, ní bhíonn tionchar aige ach ar an limistéar timpeall ar eastát Brooklands. Ba mhaith liom a fháil amach cad is cúis leis na gearrthacha sin.
FOI00781
Cur síos ar an iarratas
An bhféadfá deimhniú a thabhairt faoi gach aon ardú a d’íoc BSL ar bhonn cothrom faoin gCreat um Thrinseáil agus Dhuchtáil, le gach ball dá shlabhra soláthair, as oibreacha trinseála agus duchtála ó 2016 go dtí 2024, lena n-áirítear an 06 Deireadh Fómhair nó thart ar an dáta sin síntí le haghaidh 2019, 2020, 2021, 2023, 2023 & 2024
FOI00780
Cur síos ar an iarratas
- Gach ráiteas cárta creidmheasa le haghaidh mí na Nollag 2023, mí Eanáir 2024 agus mí an Mheithimh 2024
- Gach ráiteas cuntas bainc le haghaidh mí na Nollag 2023, mí Eanáir 2024 agus mí an Mheithimh 2024
FOI00779
Cur síos ar an iarratas
Bheinn buíoch dá bhféadfá a chur in iúl cibé an bhfuil aon seirbhísí nó trealamh ag BSL laistigh den limistéar teorann a thaispeántar le líne dhearg ar an bplean thíos. Go háirithe, táimid ag lorg aon chruthchomhaid ITM nó aon DWG AutoCAD don suíomh agus na cineálacha seirbhísí nó an cineál trealamh atá lonnaithe laistigh den limistéar sin.
FOI00778
Cur síos ar an iarratas
- dátaí na ngearrthacha go léir ar an soláthar leictreachais a tharla i dTeach Srafáin (Co. Chill Dara) agus sna bailte fearainn máguaird.
- an t-am a tharla gearradh ar an soláthar leictreachais i gcás GACH CEANN de na dátaí a tugadh i bpointe 1 thuas.
- bunchúiseanna na ngearrthacha ar an soláthar leictreachais i gcás GACH CEANN de na dátaí a tugadh i bpointe 1 thuas.
FOI00777
Cur síos ar an iarratas
Rinneadh an t-iarratas seo faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Tugadh an taifead atá ag gabháil leis seo dó mar chuid de FOI00755.
Deirtear sa tsraith ríomhphost, “can you file this with the rest please”.
An bhféadfá na taifid go léir dá dtagraítear mar “the rest” a thabhairt dom, le do thoil?
FOI00776
Cur síos ar an iarratas
is mian liom rochtain a fháil ar shonraí a chuir soláthraí leictreachais Iarnród Éireann, Electric Ireland, ar aghaidh chuig ESB Networks, tráth nach luaithe ná mí na Nollag 2020. Is é atá san fhaisnéis a iarrtar ná MPRNanna agus m’ainm, m’uimhir ghutháin phearsanta agus mo sheoladh ríomhphoist ag gabháil leo. Ba mhaith liom liosta a fháil de na MPRNanna go léir a bhfuil na sonraí thuasluaite ag gabháil leo.
FOI00771
Cur síos ar an iarratas
An bhféadfá deimhniú a thabhairt, le do thoil, faoi gach aon ardú a d’íoc ESB Networks le conraitheoirí a ceapadh faoi D20/CON/763- An Creat Náisiúnta um Thrinseáil agus Dhuchtáil don tréimhse 2014 go dtí 2024?
FOI00690
Cur síos ar an iarratas
An gcuireann ESB Networks faisnéis phoiblí ar fáil maidir le líon na gcóras teicneolaíochta fótavoltach gréine (PV) micrighiniúna a nascadh leis an eangach faoi dheireadh na bliana 2023. Bhí an fhaisnéis a fuair mé uaibh, via John Emerson, foirfe, i.e. líon na suiteálacha agus an cumas foriomlán.
FOI00695
Cur síos ar an iarratas
Ba mhaith liom iarratas a dhéanamh ar gach faisnéis, comhad, doiciméad, dátaí agus mionsonraí dá bhfuil agaibh maidir leis an obair a chur ESB i gcrích ag forbairt tithíochta Phort an Iarla, Baile Hagaird, an Charraige Dhubh, Dún Dealgan, Contae Lú i gcaitheamh 2018/2019. Agus ach go háirithe faoin obair a cuireadh i gcrích sa limistéar neamhfhorbartha íochtarach de Phort an Iarla i rith na tréimhse seo.
FOI00696
Cur síos ar an iarratas
Táim ag lorg eolais maidir le cé mhéad iarratas neamhthráchtála (NC) NC6, NC7, NC8 agus NC5 a fuair ESB Networks in Éirinn gach bliain ó 2021 i leith. Chomh maith leis sin, ba mhaith liom a fháil amach cén iomlán KWp a bhí ann de réir gach iarratas NC6, NC7, NC8 agus NC5 a cuireadh i gcrích thar an tréimhse sin in Éirinn. Tuigim nach raibh cuid de na scéimeanna NC seo gníomhach i gcaitheamh roinnt de na blianta seo. Mar sin, ní gá ach luach ‘0’ a thuairisciú do na blianta sin. Ar mhiste libh an fhaisnéis sin a chur isteach sa tábla thíos?
FOI00699
Cur síos ar an iarratas
An Nós Imeachta Láimhseála Gearán ag tagairt don Cheadúnas Oibritheora Córais Dáilte, luaitear “An Nós Imeachta Láimhseála Gearán” i ‘gCoinníoll 15’ agus ‘Coinníoll 16’ de Cheadúnas. Dá bhrí sin, tá an Nós Imeachta Láimhseála Gearán faoi réir ‘phróiseas athbhreithnithe leanúnach’. Tá Doiciméad maidir leis an Próiseas Láimhseála Gearán ann. (Mar ‘thús’.) Dá bhrí sin, déantar Athbhreithnithe Tréimhsiúla ar an Doiciméad seo. De réir ESBN, an ceadúnaí. Más cuí Leasuithe / Athbhreithnithe a dhéanamh, déantar iad seo a chur in iúl don Choimisiún um Rialáil Fóntais (CRU). Féadfaidh an CRU aon Leasuithe / Athbhreithnithe a cheadú. Déantar an Doiciméad maidir leis an Nós Imeachta Láimhseála Gearán a nuashonrú agus a fhoilsiú. Agus, de ghrá na simplíochta, d’fhéadfaí an ‘Próiseas Athbhreithnithe leanúnach’ a chur i bhfoirm tábla. Seo na Sonraí / Taifid a bhfuil mé á lorg. Na sonraí is féidir liom a chur isteach sa ‘Tábla’. Agus na Taifid a ‘thacaíonn’ leis na Sonraí sin. Chomh maith leis na Doiciméid reatha maidir leis an Nós Imeachta Láimhseála Gearán, fad agus atá siad á ‘nuashonrú’ / n-athbhreithniú agaibh. (i.e. Leagan 1, Leagan 2, Leagan 3, srl.) Dáta tosaigh’?
Mar sin, is ionann an Tréimhse a bhfuil Sonraí á iarraidh di agus 21 Aibreán 2008 go dtí an lá atá inniu ann (Feabhra 2024)
FOI00707
Cur síos ar an iarratas
Iarratas ar chóip d’aon chomhaontú nó mheamram maidir le fáil nó soláthar sheirbhísí oifigeach cosanta sonraí do ESB Networks.
FOI00710
Cur síos ar an iarratas
Baineann an t-iarratas seo le dátaí oscailte na luchtairí feithicle atá faoi úinéireacht agus á n-oibriú ag ESB. Féach leis seo liosta pdf de na luchtairí atá á n-oibriú ag ESB, eolas a fuair mé ó shuíomh gréasáin ESB ecars. Ag glacadh leis gurb é seo an liosta de phointí athluchtaithe reatha agus stairiúla ESB, táim ag lorg eolais maidir leis na dátaí ar ar osclaíodh na pointí sin. Is leor an bhliain inar osclaíodh an pointe athluchtaithe sa chás seo. Creidim go dtagann an t-iarratas seo faoi choinníoll 9 den Fhoráil um Sheirbhísí Méadraithe agus Sonraí d’oibríochtaí an Oibritheora Córais Dáilte ceadúnaithe.
FOI00716
Cur síos ar an iarratas
Caithfidh go bhfuil comhaontú oibríochtaí ann a chlúdaíonn na seirbhísí ginearálta ar fad lena n-áirítear seirbhísí DPO? Is ceanglas é seo de chuid an cheadúnais DSO, má thuigim i gceart é. An bhféadfadh sibh cóip den Chomhaontú/de na Comhaontuithe Oibríochtaí a sheoladh chugam?
FOI00717
Cur síos ar an iarratas
Miontuairiscí de na cruinnithe ar fad a tharla idir ESB Networks/EirGrid agus Clonberne Windfarm Ltd/MKO agus aon ghrúpa gaolmhar eile maidir le hiarratas ar chead pleanála (uimhir thagartha: 2460230) atá curtha isteach ag ESB Networks le Comhairle Contae na Gaillimhe i dtaca le forbairt líne chumhachta lastuas (OHL) a rachaidh ó Ghleann na Madadh go Cluain Eascrach. Mar chuid den fhorbairt bheartaithe seo cuirfear in airde 179 cuaille, suas go dtí 18 méadar ar airde, ar feadh roinnt bailte fearainn i réigiún Thuaisceart na Gaillimhe. Ba mhaith liom rochtain a fháil ar mhiontuairiscí na gcruinnithe ar fad a tharla idir ESB Networks/EirGrid agus Clonberne Windfarm Ltd/MKO i dtaca leis an ábhar seo.