2023 FOI disclosure logs
FOI00799
Cur síos ar an iarratas
Tá roinnt glaonna ar oifig Wilton déanta agam maidir leis na hiarratais seo. Níor chualamar dada fós ó thaobh meastachán ná sceideal na n-oibreacha. Mar a phléigh mé le do chomhghleacaithe, is ábhar am-íogair é seo a bhaineann le léasanna atá imithe in éag agus ní mór déileáil leis go pras. Ós rud é nár chualamar dada ón rannóg ábhartha, d’iarr mé inniu ar an duine a raibh mé ag plé leis ríomhphost a sheoladh chugam ina mbeadh liosta de na gníomhartha iarrtha a rinneadh, ar mheabhrúcháin don mhaoirseoir agus d’oifig na nInnealtóirí a bhí iontu. Mar a chuirtear in iúl, an féidir leat an fhaisnéis sin a eisiúint dom, le do thoil, chomh maith le haon nótaí eile a bhaineann leis na hiarratais seo.
FOI00795
Cur síos ar an iarratas
Is úinéir árasáin mé. MUD de 5 aonad tráchtála, 1 ionad leighis agus 34 árasán.
Tá fiosrúchán á dhéanamh agam faoi na háiteanna comónta agus fúthu sin amháin - deirtear linn go bhfuil trí mhéadar ann a bhaineann leo.
Táim ag lorg rochtain ar:
- na pleananna a chuir ár dtógálaí ar aghaidh le haghaidh na seirbhísí leictreachais a suiteáladh. Is gá dom tuiscint a fháil ar an mbonneagar a ceanglaíodh le gach méadar ag an am. Tharla sin timpeall ar 2004 (cuireadh an tógáil i gcrích i mí Iúil 2005).
- ba mhaith liom cóipeanna a fháil d’aon oibreacha a rinneadh ina dhiaidh sin chun línte a leasú, ionas gur féidir linn a fheiceáil cad é an bonneagar atá ceangailte le gach méadar.
- ár mbillí ón 1 Feabhra go dtí an 16 Meán Fómhair 2024 (nó na dátaí is gaire) nó na costais go dtí an dáta sin (dúradh linn gur 67c in aghaidh na cileavatuaire an ráta a bhí againn don chuid is mó den tréimhse sin, ach seans nach bhfuil faisnéis faoi rátaí agat).
Níl uimhir MPRN agam. Ghlac mé seatanna scáileáin de na trí mhéadair a dhealraítear gur linne iad, tá siad ag gabháil leis seo.
Dála an scéil, glacadh an grianghraf de na méadair chliste ag 21:17 ach tá amanna éagsúla ar an dá mhéadar cliste (19:32 agus 20:11). Tuigim go ndéanfaidh tú teagmháil liom má theastaíonn soiléire uait.
FOI10411
Cur síos ar an iarratas
1. Líon iomlán na gcuntas a thit i riaráiste idir 20/02/22 agus 11/01/23.
2. Cé mhéad airgid a chaith ESB ar sheirbhísí bailithe fiachais idir 20/02/22 agus 11/01/23 de réir na míosa.
3. Cé mhéad airgid a d’aisghabh cuideachtaí bailithe fiachais don ESB idir 20/02/22 agus 11/01/23.
4. Ainmneacha na gcuideachtaí atá á n-úsáid ag ESB le haghaidh seirbhísí bailithe fiachais.
5. Cóip de ghearán ar bith a fuair ESB faoi chuideachtaí bailithe fiachais a oibríonn thar ceann ESBFOI10412
Cur síos ar an iarratas
1. Gach taifead a bhaineann le bristeacha gléasra agus l��nte ag fostáisiún Glassmore, as ar tháinig dínascadh níos mó ná 1000 custaiméir, sa tréimhse ó 00:00 ar an 16 Meán Fómhair 2022 go dtí 23:59 ar an 16 Eanáir 2023, agus an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt maidir le gach briseadh:
a. am tosaithe agus am críochnaithe an bhriste;
b. an leibhéal sa líonra ag ar tharla an briseadh, 110 kV , 38kv;
c. an chúis shonrach a bhaineann leis an mbriseadh;
d. cibé an raibh aon ghléasra nó línte iomarcacha ábhartha as seirbhís tráth an bhriste agus cibé acu ar chuir sé sin leis an mbriseadh nó nár chuir;
e. cibé an ndearnadh aon mholtaí chun laghdú a dhéanamh ar an dóchúlacht go dtarlóidh bristeacha comhchosúla arís agus, má rinneadh, ar cuireadh na moltaí sin i bhfeidhm nó an bhfuil sé beartaithe iad a chur i bhfeidhm;
f. cibé an féidir na scoradáin tuislithe a dhúnadh in aghaidh lánualaigh nó an gcaithfidh scoradáin ar leibhéal níos ísle a bheith a oscailt ar dtús; agus
g. cibé an féidir na scoradáin iomchuí a dhúnadh go cianda, nó an gá criú a chur amach, agus cad as a dtagann an criú de ghnáth.
2. Na taifid go léir a bhaineann le cibé an bhfuil aon iomarcaíocht sa ghléasra agus sna línte a sholáthraíonn limistéar Lusca ó Glassmore agus a shainaithníonn pointí aonair teipe sa soláthar go Lusca.
FOI10414
Cur síos ar an iarratas
Tá mé i mo chónaí i sráidbhaile Eachroim, Co. Chill Mhantáin. Le 6 nó 7 mí anuas, ar an drochuair, bhí thart ar 7 bhfabht againn ó fhostáisiún Chill Modhíoga, rud a chuireann isteach ar bhreis is 2,000 custaiméir gach aon uair. Ba mhaith liom a fháil amach (An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014) cén fáth a bhfuil an fabht seo ag tarlú chomh minic sin agus cad atá beartaithe ag ESB chun an fhadhb seo a réiteach. Bheadh sé tairbheach dá mbeifeá an fhaisnéis a sholáthar agus an gearán agus an cheist a chlárú gan úsáid a bhaint as an Acht um Shaoráil Faisnéise.
Dhá uair le coicís anuas, bhí orainn déileáil le bristeacha cumhachta inár gceantair. Cuireann sé isteach chomh mór sin ar ár ngnóthaí sráidbhaile go mbíonn orthu dúnadh. Bíonn orainn 35 ciliméadar a thiomáint san iomlán chun bia te a fháil.
Mar phobal, táimid i dteideal a fháil amach cad is cúis leis na fabhtanna seo agus cén chaoi agus cathain a réiteofar é le huasghrádú srl ar stáisiún Chill Modhíoga.
FOI10417
Cur síos ar an iarratas
Tá cóip á lorg agam de na doiciméid, tuairiscí, taifid ó bhéal, taifid ríomhphoist, taifid phoist, meamraim, nó taifid i bhfoirm ar bith eile a bhaineann le gearáin nó sonraí faoi spící líonra soláthair/borradh cumhachta/cur isteach/ardvoltais/voltais ísle/ fabhtanna/éifeachtaí.
Is é an ceantar a bhfuil suim againn ann ná an baile fearainn Páirc an Phaoraigh, Feadamair, Co. Luimnigh, ar an 26, 27 agus 28 Feabhra 2022.
FOI10422
Cur síos ar an iarratas
Tá an fhaisnéis seo a leanas á iarraidh agam faoin Acht um Shaoráil Faisnéise
Le 12 mhí anuas, an líon briseadh cumhachta do cheantar Corlea/Derrykillew i mBéal Átha Seanaidh, Co Dhún na nGall.
- Cé mhéad de na bristeacha seo a bhí pleanáilte
- Cé mhéad de na bristeacha seo a bhí gan phleanáil
- An fad in uaireanta agus nóiméid a bhain le gach briseadh
- Cúis gach briseadh, nuair is eol
- Cad a rinneadh chun gach briseadh a chur ina cheart
FOI10426
Cur síos ar an iarratas
Líon na n-iarratasóirí a fuarthas agus líon na bprintíseach a glacadh ar Chlár Printíseachta ESB do na blianta seo a leanas; 2018, 2019, 2020, 2021 agus 2022.
FOI10428
Cur síos ar an iarratas
FOI10429
Cur síos ar an iarratas
FOI10440
Cur síos ar an iarratas
An féidir faisnéis a chur ar fáil a léireoidh cumas giniúna na bhfostáisiún ar fud na tíre.
Mar fhorbróir fuinnimh in-athnuaite, tá fonn mór ar ár gcuideachta infheistíocht a dhéanamh in Éirinn, i dtionscadail ghréine agus tionscadail BESS go speisialta.
FOI10444
Cur síos ar an iarratas
Tá céim sa Bhainistíocht Timpeallachta idir lámha agam faoi láthair in Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh. Tá tasc le déanamh agam ar Mheasúnú Saolré ar tháirge nó ar sheirbhís agus is é saolré painéil ghréine atá roghnaithe agam.
An féidir a rá liom nó mé a chur i dtreo an eolais faoin méid fuinnimh a gineadh ó shuiteálacha gréine tí in 2022??
FOI10446
Cur síos ar an iarratas
Teacht ar thaifid a bhaineann le cáblaí faoi thalamh do thailte CLG, féach ar an bhfoirm iarratais atá ceangailte agus ar an léarscáil de shuíomh an láithreáin mar eolas.
FOI10450
Cur síos ar an iarratas
I gcomhréir le hAlt 12 de chuid an Acht um Shaoráil Faisnéise, iarraim rochtain ar thaifid: neamh-phearsanta.
Seo iad na taifid atá iarraidh agam ná:
Táim ag iarradh gach leagan den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, atá de dhualgas ag gach eagraíocht a bheith acu de réir an Acht Aeráide, le
1. Sonraí iomlán de gach Phlean a bhí agat ó dul-i-bhfeidhm an Achta
2. Dáta ar a foilsíodh gach Plean
3. Dáta ar a chuaigh gach Plean i bhfeidhm
4. An méid airgead, miondhealaithe de réir cúiseanna na gcostas, a caitheadh ar chruthú agus ar chur i bhfeidhm gach Plean
FOI10451
Cur síos ar an iarratas
Tá gach doiciméad/comhfhreagras/ríomhphost/miontuairisc chruinnithe/tuairisc/etc. idir Comhairle Cathrach Chorcaí, Comhairle Contae Chorcaí, Alumcrest Limited, BMor Developments, CField Construction agus páirtí ar bith eile maidir le soláthar agus seirbhísí leictreacha ag Eastát Lios Cara, na Cillíní, Corcaigh á n-iarraidh agam. Baineann sé seo go háirithe le ceadanna pleanála 19/5325 agus 19/5416.
Iarraim go sonrach gach comhfhreagras/tuairisc/doiciméad/miontuairisc chruinnithe a bhaineann le hoibreacha bóthair agus oibreacha gaolmhara leictreachais ag an mbealach isteach chuig Eastát Lios Cara. Rinneadh an bóthar a réabadh le haghaidh oibre tuairiscithe ESB idir an 18 Aibreán 2023 agus an 2 Bealtaine 2023.
Tá cóip de gach doiciméad/comhfhreagras/ríomhphost/miontuairisc chruinnithe idir Comhairle Cathrach Chorcaí, Comhairle Contae Chorcaí, Alumcrest Limited, BMor Developments, CField Construction, úinéirí talún taobh leis an eastát agus páirtí ar bith eile maidir le soláthar leictreachais a chur ar fáil d’Eastát Lios Cara á n-iarraidh agam. Iarraim go speisialta gach tuarascáil innealtóireachta agus tuarascáil féidearthachta a bhaineann le hEastát Lios Cara, na Cillíní, Corcaigh. Baineann sé seo le ceadanna pleanála 19/5325 agus 19/5416.
FOI10453
Cur síos ar an iarratas
Taifead de na 20 íocaíocht aonair is mó a bhaineann le feidhmíocht, íocaíochtaí bónais, nó sochair bónais, a bronnadh/a íocadh le foireann ESB Networks as obair a rinneadh in 2022, chomh maith le tuarastal comhfhreagrach gach ball foirne atá i gceist.
Sa chás gur faisnéis íogair atá i gceist nach féidir a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, táim sásta faisnéis fholaithe a fháil. Sa chás go bhfuil sonraí á scaoileadh, b’fhearr liom sonraí i bhformáid táblaithe/Excel a fháil.
FOI10454
Cur síos ar an iarratas
An féidir leat eolas a thabhairt dom maidir leis an obair atá á déanamh ar línte cumhachta inár n-eastát, tá an chuma ar an scéal gur cuireadh isteach línte cumhachta breise?
FOI10457
Cur síos ar an iarratas
Ba mhaith liom taifid a iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014:
- Miontuairiscí Bhord ESB ó Iúil go Samhain 2009.
- Aon chomhfhreagras idir an tAire ag an am nó an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha Eamon Ryan agus Bord ESB idir Iúil agus Samhain 2009.
FOI10459
Cur síos ar an iarratas
Cóipeanna de chomhfhreagras ar bith idir ESB Networks agus an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh maidir le táillí a ghearradh faoina luach ar Meta as leictreachas ag a ionad sonraí i gCluain Aodha.
FOI10460
Cur síos ar an iarratas
Na taifid go léir a bhaineann le cinneadh an rialtais ar an 14 Iúil 2009 díbhinn a ghlacadh ó ESB agus a chur de chúram ar an gCoimisiún um Rialáil Fóntais é a dháileadh ar Úsáideoirí Móra Fuinnimh trí Líonra ESB. Ba mhaith liom an cuardach a theorannú don tréimhse idir 1 Meitheamh 2009 agus 31 Nollaig 2010 (nuair is cosúil gur aistríodh aon chistí a bhí fágtha ó chuntas ESB go Cuntas Tobhaigh Ioncaim Carbóin an Choimisiúin um Rialáil Fóntais).
Bhain an t-ábhar seo le ESB chomh fada agus a bhaineann na taifid lena fheidhmeanna faoina cheadúnas Oibreora Córais Dáileacháin (“DSO”). Tá cóip de chinneadh an Choimisiúin um Rialáil Fuinnimh ceangailte. Baineann alt de le “scéim lacáiste a chur i bhfeidhm, arna maoiniú ag ESB, a d’fheidhmigh trí na taraifí líonra leictreachais ó 1 Eanáir 2009.”
Ba cheart go n-áireofaí leis an iarratas seo, ach gan a bheith teoranta do:
- Aon chomhfhreagras gaolmhar idir ESB ag an am agus DECC (DECNR mar a bhí)
- Aon chomhfhreagras gaolmhar idir ESB ag an am agus an Coimisiún um Rialáil Fóntais (an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh ag an am)
- Aon chomhfhreagras gaolmhar idir an ESB ag an am agus an Roinn Airgeadais/Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (nach raibh ann ag an am ach a d’fhéadfadh na feidhmeanna ábhartha a bheith aistrithe níos déanaí)
- Aon tuarascálacha inmheánacha gaolmhara, tuarascálacha chuig an gCoimisiún um Rialáil Fóntais/an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh nó chuig airí, taifid ar chruinnithe, miontuairiscí, agus cuntais airgeadais a bhaineann leis an €176m atá i gceist a úsáid.