Ár gCuspóir agus Treoirphrionsabail

Ár gCuspóir – Cur le Chéile i dTreo Saol Glan Leictreach;

Ag ESB Networks, déanaimid cinnte de go seachadtar leictreachas chuig tithe agus gnóthais na 2.3 milliún custaiméir atá againn ar bhealach slán, éifeachtúil, gach uile lá, gach uile uair an chloig, gach uile nóiméad.

Aithnímid go bhfuil an timpeallacht ina n-oibrímid ag athrú go gasta mar fhreagairt ar bheartais agus rialacháin nua, agus ar dhul chun cinn na teicneolaíochta. Fágann sé sin go bhfuil athrú ag teacht ar ról an leictreachais, rud is cúis le dúshláin agus deiseanna nua araon.

Is é an uaillmhian atá againn ná an líonra leictreachais a thógáil, a chothabháil, a oibriú agus a fhorbairt le freastal ar riachtanais agus ionchais shíorathraitheacha na sochaí san am i láthair agus san am atá le teacht. Is é an fhís atá againn ná cur ar chumas na sochaí saol glan leictreach a bheith acu amach anseo agus is iad ár gcuid custaiméirí agus páirtithe leasmhara a bheidh i gcroílár an athraithe sin.

 

ESB Networks Intern at work near electricity pole

Ár dTreoirphrionsabail

  • Táimid cróga
    Tá gach duine againn sásta an chaoi a ndéantar rudaí a cheistiú, seasamh ar son a gcreidimid atá ceart agus triail a bhaint as bealaí oibre níos fearr.
  • Tá croí againn
    Cuirimid na riachtanais atá ag custaiméirí san am i láthair agus a bheidh acu amach anseo i gcroílár a ndéanaimid agus coinnímid muid féin agus daoine eile slán sábháilte agus sláintiúil.
  • Táimid diongbháilte
    Tá grá againn dá ndéanaimid gach uile lá agus tugaimid faoi go diongbháilte. Téimid i mbun nuálaíochta agus oibrímid as lámha a chéile le dúshláin a shárú agus deiseanna a thapú.
  • Tá muinín ag an bpobal asainn
    Glacaimid le freagrachtaí agus déanaimid ár gcion féin. Coinnímid orainn go deireadh an jab agus cosnaímid ár sláinte agus sábháilteacht féin, chomh maith le sláinte agus sábháilteacht daoine eile, i gcónaí’.

Tuilleadh eolais

Déan teagmháil linn
R-phost
Teagmháil