Tuairisc chun Dáta ar an gClár Feabhsaithe Líonra
Tionscadal atá sa Chlár Feabhsaithe Líonra ina ndéantar an líonra a uasghrádú, idir chuaillí, shreangacha, fhostáisiúin agus mhioncholúin. Má táthar chun leanúint ar aghaidh agus codanna den líonra a athsholáthar, b’fhéidir go mbeadh gearrthacha ann a chuirfeadh isteach ar chustaiméirí áitiúla ar feadh tréimhsí gearra fad a bheidh na codanna is tábhachtaí den líonra á n-uasghrádú go slán sábháilte.
Cén tairbhe atá le baint as an gClár Feabhsaithe Líonra?
Cuirfidh an clár seo le sábháilteacht, acmhainn, iontaofacht agus athléimneacht an líonra. Fágfaidh sé sin go mbeidh líonra leictreachais níos láidre againn a bheidh cosanta in éadan tosca adhaimsire.
An toradh a bheidh air sin ná nach mbeidh an oiread céanna gearrthacha fada ann ná gearrthacha gan choinne. Má dhéanaimid acmhainn an líonra a mhéadú, fágfaidh sé sin go mbeimid in ann tuilleadh tithe agus gnólachtaí a nascadh leis an gcumhacht agus, anuas air sin, go mbeidh an acmhainneacht againn chun teas agus iompar a leictriú.
Gearrthacha Beartaithe in Eanáir 2021:
Ní leanfar ar aghaidh ach le gníomhaíochtaí de chuid ESB Networks a meastar iad a bheith riachtanach agus Srianta Leibhéal 5 a bhaineann le Covid-19 i bhfeidhm. I measc na ngníomhaíochtaí riachtanacha sin, caithfimid a chinntiú go mbeidh an líonra leictreachais atá againn slán, sábháilte agus iontaofa ag an 2.3 milliún custaiméir atá againn. I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh gearradh cumhachta a bheith ann nach féidir a sheachaint. Cuirfear cárta poist chuig na custaiméirí lena mbaineann dhá lá roimh ré ar a laghad. Ár leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.