Tuairisc chun dáta ar an Tionscadal Snáthoptaice
Is éard atá i gceist leis an gClár Cumasaithe Snáthoptaice (ar a dtugtar SIRO de ghnáth) ná a chinntiú go bhfuil an líonra is nua-aimseartha i bhfeidhm ionas gur féidir le SIRO cáblaí snáthoptaice a chrochadh in aice leis na línte leictreachais agus iad a thabhairt chomh fada le tithe custaiméirí. Leis an méid sin a dhéanamh go sábháilte, seans gur gá an chumhacht a mhúchadh sna ceantair áitiúla ar feadh tréimhse ghairid. Tá SIRO ag úsáid an bhonneagair lastuas agus faoi thalamh atá ag ESB Networks cheana féin, rud a chinntíonn gur féidir an líonra a rolladh amach go héifeachtach ar fud na hÉireann.
Cén tairbhe a bhaineann leis an gClár Cumasaithe Snáthoptaice?
Is tionscadal é an Clár Cumasaithe Snáthoptaice arb aidhm leis leathanbhanda feabhsaithe a chur ar fáil, rud a fheabhsaíonn cumais ghnó agus an líonra dóibh siúd a oibríonn ón mbaile agus, ar ndóigh, a ligeann do chustaiméirí taitneamh a bhaint as siamsaíocht sa bhaile. Líona leathanbhanda lán-snáthoptaice is ea SIRO trínar féidir suas le 1 Ghigighiotán a íoslódáil in aghaidh an tsoicind, rud a théann chun tairbhe do phobail ar fud na hÉireann.
Gearrthacha cumhachta beartaithe:
- Seo a leanas na gearrthacha cumhachta atá beartaithe leis an gclár bunriachtanach oibre seo a dhéanamh:
- Cathair Chorcaí, Eanáir agus Feabhra 2021.
- Cill Mhantáin, Eanáir 2021.
- Cluain Meala, Eanáir 2021.
- Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh (Ceantair idir Binn Éadrabha agus Seantrabh), Eanáir agus Feabhra 2021.