Cad is Micrighiniúint ann?
Nasctar micrighineadóirí leis an líonra dáileacháin ísealvoltais agus tá siad rátaithe go dtí na luachanna seo a leanas, agus na luachanna sin san áireamh:
- 25 aimpéar (6 chileavata) ar voltas íseal [230 volta] nuair is nasc aon phas atá ann
- 16 aimpéar (11 chileavata) ar voltas íseal [230/400 volta] nuair is nasc trí phas atá ann
- Treoir céim ar chéim - Cuir eolas ar an bpróiseas
Conas a Éascóidh ESB Networks an Méadú ar an Micrighiniúint?
Mar thoradh ar an méadú ionchais ar an micrighiniúint sa líonra, beidh dúshláin nua ann maidir le pleanáil agus oibriú líonra dáileacháin a raibh d’aidhm aige an chéad lá riamh go rithfeadh an leictreachas ó ghiniúint ar mhórscála tríd an líonra tarchurtha agus dáileacháin go dtí ár dtithe. Tá córais agus réitigh nua á bhforbairt againn chun an méadú ionchais sin ar an micrighiniúint a éascú go cost-éifeachtúil agus go hinbhuanaithe, agus chun freastal ar na hathruithe ar shreafaí cumhachta ar an líonra. I Meitheamh 2020, d’fhoilsigh ESB Networks comhairliúchán um chreat micrighiniúna ar ‘Foilseacháin ESB Networks’
Foilseacháin ESB Networks:
Foilseacháin
Le tuilleadh eolais a fháil:
Tá réitigh úra nuálacha á dtástáil agus á bhforbairt ag ESB Networks chun gur féidir leas a bhaint as sonraí fíor-ama breise, feiceálacht fheabhsaithe agus smacht stuama chun an líonra a bhainistiú ar bhealach níos fearr. Chun bonn agus taca a chur faoin bhforbairt atá á déanamh againn ar an líonra, táimid ag obair i gcomhar le pobail chun tuiscint níos fearr a ghnóthú ar an méid micrighiniúna atá glactha acu agus ar conas atá siad á húsáid, mar aon lena thionchar sin ar an líonra.
Le tuilleadh eolais a fháil:
Tionscadail NuálaíochtaAistriú chuig Córas Fuinnimh Ísealcharbóin
Mar chuid den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, tá ESB Networks ag obair le líonra a sholáthar a bheidh in ann 70% den ghiniúint leictreachais go léir a fháil ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2030. Chun é sin a bhaint amach, beidh orainn suas le 14 ghigeavata de ghiniúint in-athnuaite a nascadh leis na líonraí tarchurtha agus dáileacháin.
Tá an mhicrighiniúint aitheanta sa phlean mar phríomhtheicneolaíocht a chumasóidh an t-aistriú seo de réir mar a bheidh níos mó agus níos mó custaiméirí ag cur teicneolaíochtaí micrighiniúna in-athnuaite, amhail grianphainéil fotovoltacha, lena dtithe agus lena ngnólachtaí.