It appears JavaScript is disabled. To get the most out of the website we recommend enabling JavaScript in your browser.
Úsáidtear fianáin ar an láithreán gréasáin seo, trí leanúint ar aghaidh aontaíonn tú lena n-úsáid. Tá tuilleadh eolais faoi fhianáin agus faoi cén chaoi iad a bhainistiú le fáil ar ár leathanach Príobháideachas. Dún
ACS
Is muidne ESB Networks. Déanaimid cinnte de go seachadtar leictreachas chuig tithe agus gnóthais na 2.3 milliún custaiméir atá againn ar bhealach slán, éifeachtúil. Tá breis is €6 billiún infheistithe againn sa líonra leictreachais le 10 mbliana anuas lena chinntiú gur féidir brath air agus go gcuireann sé ar chumas pobal agus gnóthas in Éirinn fás agus forbairt.
Cuirimid réimse leathan seirbhísí ar fáil dár gcustaiméirí, agus ní mór do gach duine acu a bheith cláraithe le soláthraí leictreachais. Gach bliain déanaimid níos mó ná 9 milliún léamh méadair agus tugaimid na torthaí do do sholáthraí lena chinntiú go dtabharfar bille ceart duit. Cuirimid réimse seirbhísí teicniúla ar fáil freisin mar an cumhacht a athsholáthar nuair a tharlaíonn fabhtanna sa líonra, mar shampla, de thoradh stoirmeacha. Déanaimid athruithe ar na línte leictreachais nuair a iarann an custaiméir é sin orainn, agus athraímid ár seirbhís nuair a iarann na soláthraithe orainn iad a dhéanamh. Ní mór íoc as cuid de na seirbhísí sin, áfach.
Tugaimid tús áite do do shábháilteacht. Foinse chumhachtach fuinnimh é leictreachas, ach is féidir leis a bheith contúirteach. Lean ár dtreoirlínte sábháilteachta i gcónaí. Lena chinntiú go mbeidh tú sábháilte fan glan amach ó shreanga leictreachais lasnairde agus faoi thalamh agus ó shreanga leictreachais atá tar éis titim. Bí ag faire amach do shreanga leictreachais i gcónaí nuair a bhíonn tú lasmuigh. ‘Fan slán, fan amach’. I gcásanna éigeandála glaoigh 1850 372 999.
Tugaimid tús áite do ghníomhú go freagrach i ngach gné dár ngnó.
Fabhtanna/Cásanna Éigeandála (Seirbhís 24 uair/7 lá): Glaoigh ar 1800 372 999 nó +353 21 2382410 taobh amuigh de Phoblacht na hÉireann
Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag 1800 372 757 nó +353 21 2386555
Bíonn na línte ar oscailt ó 8.30am to 6pm agus ó 8.30am to 1.30pm ar an Satharn.
Más féidir é bíodh d' Uimhir MPRN agat nuair a ghlaonn tú orainn.
Riomhphost: esbnetworks@esb.ie
Tá sé d’aidhm againn freagra a thabhairt ar do cheist laistigh de dhá lá oibre.
Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol Má tá ceist agat maidir le faisnéis faoin gComhshaol nó Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2014 cliceáil anseo.
Féadfaidh tú léamh méadair a sheoladh isteach trí leas a bhaint as an nasc seo.
Nó glaoigh ar ár seirbhís uathoibríoch 24 uair an chloig um léamh méadair 1800 33 77 77 nó +353 21 2386444
Féadfaidh tú léamh méadair a chur chugainn mar théacs ag 087 9609223 sa bhformáid:
MPRN (spás) léamh do mhéadair
Nó seol riomhphost chuig: reading@esb.ie
Chun Faisnéis Fíor-ama faoi Fhabhtanna agus Gearrthacha Cumhachta a fháil, téigh chuig ESB PowerCheck nó is féidir leat an fabht a thuairisciú ar líne nó stádas an ghearrtha cumhachta a sheiceáil - teastóidh uait do MPRN 11 dhigit.
Fabhtanna/Cásanna Éigeandála (Seirbhís 24 uair sa lá / 7 lá na seachtaine): Glaoigh ar 1800 372 999 nó +353 21 2382410
Riomhphost:
corporatecommunications@esb.ie