Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta

Cás éigeandála

Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.

Custaiméirí Leochaileacha

Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.

Téigh chuig Custaiméirí leochaileacha

Ceisteanna coitianta

Cén fáth a bhfuil na méadair reatha go léir le hathsholáthar?

Mar chuid den Phlean Gnímh don Aeráid, tá ESB Networks chun 2.4 milliún méadar den chéad ghlúin eile a shuiteáil i dtithe, feirmeacha agus gnóthais ar fud na hÉireann. Tá an teicneolaíocht nua seo in úsáid cheana féin i mbreis agus 700 milliún áitreabh ar fud na cruinne agus beidh buntáistí i gceist léi don chustaiméir, don chomhshaol agus don gheilleagar.

 

Buntáistí don chustaiméir: Ó 2021 ar aghaidh, tabharfaidh do mhéadar cliste faisnéis níos cruinne duit maidir leis an bhfuinneamh a úsáideann tú, rud a chuirfidh ar do chumas d'ídiú fuinnimh a bhainistiú ar bhealach níos fearr. Cuirfidh na méadair chliste le hiomaíocht sa mhargadh freisin agus méadóidh raon na dtáirgí agus na seirbhísí a bheidh á gcur fáil. Ón mbliain 2021 ar aghaidh, beidh na méadair chliste in ann léamha méadair a sheoladh go huathoibríoch chuig ESB Networks, rud a fhágann go mbeidh ré an bhille mheasta nach mór thart.

 

Buntáistí don chomhshaol agus don gheilleagar: Cumasóidh na méadair chliste an t-aistriú chuig líonra leictreachais ísealcharbóin, forbairt eangacha cliste, agus tacóidh le leictriú córas téimh agus iompair, giniúint in-athnuaite áitiúil, agus micrighiniúint.

 

Ina theannta sin, is féidir le méadair chliste cabhrú linn an méid leictreachais a úsáidimid a laghdú agus leictreachas dár gcuid féin a ghiniúint, go háirithe ag buaicuaireanta, rud a chabhróidh linn a bheith níos tíosaí ar fhuinneamh agus ár n-astaíochtaí carbóin a laghdú.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí