Tar éis shuiteáil do mhéadair, tógfaidh sé 30 lá air nasc a dhéanamh leis an líonra cumarsáide slán atá ag ESB Networks. A luaithe a bheidh an próiseas sin curtha i gcrích, beidh fáil agat ar na seirbhísí cliste atá á gcur ar fáil ag soláthraithe leictreachais.
B'fhéidir nach nascfaí do mhéadar lenár líonra cumarsáide slán i líon beag cásanna de bharr go bhfuil do mhéadar suite i gceantar lagnascachta nó go bhfuil bacainn fhisiciúil sa bhealach air.
Mura féidir linn nascadh go cianda le do mhéadar cliste, is féidir leat na táillí caighdeánacha ama úsáide a fháil trí do chuideachta soláthair leictreachais mar sin féin. Chuige sin, beidh ar léitheoir méadar cuairt a thabhairt ar d'áitreabh le do mhéadar a léamh. Cuirfidh táillí ama úsáide ar do chumas d'ídiú leictreachais a aistriú chuig na hamanna den lá a mbíonn praghas an leictreachais níos ísle.
Má insíonn do sholáthraí leictreachais duit nach bhfuil do mhéadar ag nascadh lenár líonra cumarsáide slán, déan teagmháil linn ar: