Is éasca an rud é léamh méadair a dhéanamh. Le do mhéadar a léamh, breac síos na huimhreacha a thaispeántar ar an bpríomhscáileán digiteach. Ní gá duit brú ar chnaipe ar bith ar an méadar féin.
- Aimsigh na digití roimh "kWh" ar an scáileán agus léigh ó chlé go deis iad. Ná déan dearmad gach digit a chur san áireamh i do léamh.
Más mian leat do léamha méadair a fheiceáil don oíche, don lá nó don am buaicéilimh, caithfidh tú an cnaipe gorm ar do mhéadar a bhrú:
- An scáileán taispeána: Do léamh carnach
- An chéad bhú: An dáta agus an t-am
- An dara brú: Do léamh carnach
- An tríú brú: Léamh méadair 'oíche'. Beidh "A+T1" le feiceáil sa chúinne ar dheis ag an mbarr
- An ceathrú brú: Léamh méadair 'lae'. Beidh "A+T2" le feiceáil sa chúinne ar dheis ag an mbarr
- An cúigiú brú: Léamh méadair 'ama buaicéilimh'. Beidh "A+T3" le feiceáil sa chúinne ar dheis ag an mbarr.