Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta

Cás éigeandála

Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.

Custaiméirí Leochaileacha

Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.

Téigh chuig Custaiméirí leochaileacha

Ceisteanna coitianta

Céard a tharlóidh más rud é go bhfuil mise nó duine eile i mo theach spleách ar leictreachas ar chúiseanna leighis?

Déanfaidh ESB Networks teagmháil leis na custaiméirí go léir is eol a bhfuil cúnamh speisialta ag teastáil uathu le coinne a dhéanamh leo leis an méadar nua a shuiteáil.


Le clárú mar chustaiméir a bhfuil cúnamh speisialta de dhíth air, faigh do MPRN (is uimhir a bhíonn ar do bhille leictreachais agus a thosaíonn ar '10' i ngach cás) agus déan teagmháil le do sholáthraí leictreachais. Cinnteofar leis sin gur féidir le ESB Networks aire a thabhairt duitse agus do bhaill do theaghlaigh i gcás go mbeadh gearradh cumhachta i do cheantar agus nuair a bheidh do mhéadar le hathsholáthar.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí