Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.
Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.
Ní ghearrfar aon táille bhreise ort as uasghrádú do mhéadair. Amhail cláir eile uasghrádaithe méadar, tá an costas san áireamh sna táillí a íocann tú cheana féin as an líonra leictreachais a úsáid.