Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta

Cás éigeandála

Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.

Custaiméirí Leochaileacha

Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.

Téigh chuig Custaiméirí leochaileacha

Ceisteanna coitianta

Cathain a dhéanfar méadair stórála oíche a uasghrádú go méadair chliste?

Ó Mheán Fómhair 2023, leathnófar an feidhmiú céimneach seo chun malartú na méadar stórála oíche a bheith san áireamh.

Táimid ag tosú le custaiméirí nár úsáid a méadar stórála oíche le dhá bhliain anuas. Is éard a bheidh i gceist leis sin ná an méadar stórála oíche a bhaint agus méadar cliste nua 24 uair an chloig a shuiteáil. Tar éis an mhalartaithe leanfaidh custaiméirí ar aghaidh ag úsáid leictreachais ar an mbealach céanna agus a úsáideann siad inniu, agus ag an am céanna, beidh siad in ann tairbhe a bhaint as na buntáistí a bhaineann le méadar cliste, lena n-áirítear rochtain ar Chuntas ar Líne ESB Networks, áit a mbeidh siad in ann an méid leictreachais atá úsáidte acu a rianú. 

Cuirfimid gach custaiméir ar an eolas roimh ré de réir mar a chuirtear é seo i bhfeidhm ina gceantar agus faoi mhalartú a méadair féin.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí