Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearrthacha cumhachta

Cás éigeandála

Má tá tú i gcás éigeandála nó má fheiceann tú línte nó trealamh líonra a bhfuil damáiste déanta dóibh, NÁ LEAG LÁMH ORTHU AGUS NÁ TÉIGH GAR DÓIBH. Cuir fios orainn láithreach bonn ar an uimhir thíos.

Custaiméirí Leochaileacha

Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí siúd is mó a bheadh i mbaol dá gcaillfidís a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha sin tá na custaiméirí siúd a dteastaíonn uathu fearas leictreach míochaine ar bhonn laethúil.

Téigh chuig Custaiméirí leochaileacha

Ceisteanna coitianta

Cathain a dhéanfar méadair Lae/Oíche a uasghrádú go méadair chliste?

Ó Mheán Fómhair 2023, leathnófar an feidhmiú céimneach seo chun malartú na méadar Lae/Oíche a bheith san áireamh.  

Déanfar gach custaiméir a bhfuil na méadair seo acu a uasghrádú go méadar cliste Lae/Oíche.  Beidh an méadar nua ar aon dul leis an seancheann. Fanfaidh custaiméirí ar a bpleananna praghais reatha lena soláthraí leictreachais. Éascaíonn an malartú méadair rochtain ar na buntáistí feabhsaithe a bhaineann le méadar cliste amhail custaiméirí a bheith in ann an méid leictreachais atá úsáidte acu a rianú trí rochtain ar Chuntas ar Líne ESB Networks.

Cuirfimid gach custaiméir ar an eolas roimh ré de réir mar a chuirtear é seo i bhfeidhm ina gceantar agus faoi mhalartú a méadair féin.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí