Seirbhísí Éigeandála agus Fóntais eile
Tá faisnéis thábhachtach shábháilteachta ar an leathanach seo do na seirbhísí éigeandála:
- An Garda Síochána
- An tSeirbhís Dóiteáin
- An tSeirbhís Otharcharr
Agus faisnéis thábhachtach shábháilteachta maidir le leictreachas do sholáthraithe náisiúnta fóntas:
- Líonraí Gáis Éireann
- Uisce Éireann
- Eir
Tá sé thar a bheith baolach teagmháil le fearas leictreach beo agus d’fhéadfadh sé a bheith marfach. Is féidir leictreamharú tarlú de bharr teagmháil dhíreach nó mar gheall ar voltas céimnithe.
Glac leis i gcónaí go bhfuil gach sreang lastuas, stáisiúin agus trealamh leictreach beo go dtí go ndearbhaíonn ESB Networks go bhfuil siad lasctha as is go bhfuil siad sábháilte.