-
Déan deimhin de go bhfuil gaireas ciorcaid iarmharaigh suiteáilte agat nó bíodh gléas ionphlugála ciorcaid iarmharaigh agat do na huirlisí agus don trealamh go léir a úsáideann tú sa gharáiste nó sa ghairdín.
-
Ná húsáid uirlisí leictreacha sa ghairdín má thosaíonn sé ag cur báistí nó má bhíonn tú ag cur uisce ar an ngairdín
-
Seiceáil fearais, fleisceanna agus barra plocóidí sula n-úsáideann tú iad
-
Ná deisigh fleisc nó barr plocóide a ndearnadh damáiste dóibh. Faigh cinn nua
-
Coinnigh fleisceanna sraoilleacha glan amach ó lanna lomairí faiche, lomairí fáil agus sábha leictreacha
-
Díphlugáil lomaire faiche nó fáil sula mbaineann tú féar nó smionagar ó na lanna
-
Ná cuir fad le fleisc trí phíosa a cheangal léi nó trí nasc plocóide agus soicéid a rinneadh sa bhaile; ceannaigh ceann d’fhad oiriúnach chun críocha úsáide amuigh nó úsáid spól cábla sínteach a faomhadh
-
Ná fág fearais ná uirlisí plugáilte isteach is gan aon duine ag tabhairt aire dóibh
-
Caith buataisí láidre rubair nuair a úsáideann tú fearais sa ghairdín; tugann lámhainní cosaint bhreise freisin
-
Lean treoracha an déantóra i gcónaí maidir le húsáid éadaí cosanta, gloiní cosanta, agus coisbhearta
-
Bí an-chúramach faoi uirlisí gearrtha atá faoi thiomáint innill