Conas na sreanga a cheangail i bplocóid

Tarlaíonn chuid is mó le tionóiscí leictreachas sa bhaile de bharr plocóidí lochtacha nó plocóidí ar ceanglaíodh na sreanga iontu go mícheart.

 

Tá sé thar a bheith tábhachtach go gceanglófar na sreanga an bealach ceart i bplocóid má tá tú le bheith sábháilte.

 

Lean na treoirlínte seo má bhíonn tú ag ceangail na sreanga i bplocóid.

Treoirlínte faoi conas na sreanga a cheangail i bplocóid 3 phionna

  1. Bain an clúdach agus scaoil na scriúnna ar greamán an chórda
  2. Scaoil nó bain na scriúnna de na losa práis
  1. Tomhais an fhleisc i bhfianaise na plocóide agus stiall an clúdach seachtrach siar chomh fada le greamán an chorda. Bí cúramach gan ghearradh tríd an insliú daite ar snáitheanna na sreang.
  2. Más gá na cáblaí daite a ghearradh beagán, déan deimhin de go bhfuil siad fada go leor chun go sroichfidh siad na losa a shroicheann gan iad a straidhneáil. Is féidir méid beag scaoilte a fhágáil ar an tsreang thalmhaithe glas agus buí.
  3. Bain thart ar 10 mm (1/2 orlach) den insliú daite de gach croíleacán.

Ná déan dearmad ar an gcód dathanna

  • DONN leis an los BEO (L)
  • GORM leis an los NEODRACH (N)
  • GLAS AGUS BUÍ leis an los TALMHAITHE (E)
  1. Brúigh an fhleisc faoi greamán scaoilte an chorda nó sáigh isteach í i gclampa greamaithe.
  2. Cas snáitheanna nochta sreinge gach croíleacáin idir do mhéar agus d’ordóg lena chinntiú nach bhfuil aon snáth scaoilte ann.
  3. Má tá losa clampála sa phlocóid cas gach croíleacán timpeall an losa chuí. Ansin cuir an leicneán ar bharr na sreinge casta agus teann na cnó scriúnna síos go daingean. Bí cinnte nach bhfuil an t-insliú daite greamaithe faoi chlampa an losa.
  4. Má tá losa i bhfoirm colún sa phlocóid, cas an sreang lom siar air féin ar feadh thart faoi 5 mm agus cuir isteach é go hiomlán sa pholl sa los cuí. Daingnigh scriú an losa go teann ar an sreang.
  5. Daingnigh scriúnna ghreamán an chorda agus déan deimhin de go bhfuil an greamán aclampaithe ar chumhdach lasmuigh an chábla agus ní ar na croíleacáin laistigh de.
  6. Bain an fiús 13 aimpéar agus cuir fiús oiriúnach ina áit - fiús gorm 3 aimpéar do shoilse agus d’fhearais bheaga nó fiús donn 13 aimpéar d’fhearais níos mó agus do théitheoirí
  7. Cuir ar ais an clúdach.
Más rud é go bhfuil plocóid mhúnlaithe ar fhearas ní féidir í a oscailt ná sreanga nua a cheangail ann. Má dhéantar damáiste don phlocóid nó má tá sí lochtach is féidir í a bhaint agus plocóid nua a chur ina háit.
Ba cheart an dá chroíleacán a cheangal leis na losa cearta BEO agus NEODRACH; ní úsáidtear an los TALMHAITHE ar chor ar bith sa chás seo.