Ag obair go slán sábháilte
Tá an saol mór athraithe ó bhonn ó tháinig
COVID-19 ar an bhfód agus caithfimid go léir iarracht bhreise a dhéanamh anois
muid féin agus daoine eile a chosaint. Tá sreanga leictreachais lasnairde agus
seirbhísí faoi thalamh ar chuid de na príomhghuaiseacha ar láithreán tógála a
fhéadann cur isteach go tromchúiseach ar shábháilteacht oibrithe agus an
phobail. Anois go bhfuil tús á chur de réir a chéile le hobair thógála arís, tá
úinéirí fóntais (Leictreachas, Gás, Uisce agus Teileachumarsáid), i gcomhar le
CIF, ag cur i gcuimhne do gach duine a chontúirtí atá sé a bheith ag obair
róchóngarach do shreanga leictreachais lasnairde nó píblínte nó cáblaí faoi
thalamh a bhualadh.
Ag obair go slán sábháilte in aice le sreanga lasnairde
• Tá sé contúirteach a bheith ag obair róchóngarach do shreanga leictreachais lasnairde.
• Agus innealra ard á úsáid agat - fan achar sábháilte amach ó shreanga leictreachais.
• I gcás éigeandála, cuir glao ar ESB Networks ar 1850 372 999