An bhfuil tú cinnte go bhfuil sé slán?
Mar chuid dár dtiomantas don tsábháilteacht, tá tús curtha againn le Feachtas Feasachta Poiblí chun aird daoine a dhíriú ar shábháilteacht leictreach amuigh faoin aer. Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas dul i gcionn ar gach dream - an pobal i gcoitinne, feirmeoirí, oibrithe tógála agus leanaí.
Is é príomhchuspóir an fhógra a iarraidh ar dhaoine cuimhneamh ar shreanga leictreacha nuair a bhíonn siad amuigh faoin aer agus fanacht slán i gcónaí agus fanacht glan amach ó shreanga leictreacha.