Tugaimid tús áite do bhonneagar slán sábháilte leictreachais a chur ar fáil.
Cuid chomh mór dár saol laethúil é an leictreachas nach ndéanaimid iontas ar bith de. Fuinneamh cumhachtach ilfheidhmeach atá ann ach is féidir leis a bheith contúirteach mura n-úsáidtear i gceart é. Tá sé an-tábhachtach a bheith ar an eolas faoi na contúirtí a d’fhéadfadh a bheith ann agus tús áite a thabhairt don tsábháilteacht i gcónaí.
Má thagann tú ar shreanga tuithe nó má thugann tú aon rud neamhghnách faoi deara maidir le trealamh ESB Networks glaoigh ar Uimhir Éigeandála 24 uair an chloig ESB Networks 1850 372 999 nó +353 21 2382410.