Faigh an nuacht is déanaí

Nuacht

PREASRÁITEAS ESB NETWORKS

 Pleananna bunathraitheacha fógartha ag ESB Networks maidir le todhchaí Ghlan-Nialais a bhaint amach 

  • Tacaíonn an Straitéis ‘Líonraí i dtreo an Ghlan-Nialais’ leis na spriocanna sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 trí líonra leictreachais a sholáthar a éascaíonn fuinneamh glan 
  • Leagtar amach sa Straitéis infheistíocht sa líonra leictreachais ar luach níos mó ná billiún euro gach aon bhliain go dtí 2030   
  • Faoin Straitéis, déanfar obair i gcomhar leis na páirtithe leasmhara go léir i dtreo todhchaí Ghlan-Nialais arna cumhachtú ag leictreachas glan.

Arna eisiúint ar an 23 Eanáir 2023

Sheol ESB Networks aStraitéis ‘Líonraí i dtreo an Ghlan-Nialais’ inniu ina leagtar amach tiomantas na heagraíochta d’fhéachaint chuige go seasfaidh líonra leictreachais na hÉireann an aimsir agus go mbainfear amach sprioc ghlan-nialais na tíre seo faoi 2050. Chun é sin a dhéanamh, beidh gá le réitigh nuálacha a chur i bhfeidhm anois a bheidh inscálaithe amach anseo chun freastal ar riachtanais leictreachais na tíre faoi 2040.  Beidh an Straitéis ‘Líonraí i dtreo an Ghlan-Nialais’ mar bhonn taca le haistriú fuinnimh a chuirfidh ar chumas custaiméirí leictreachais glacadh le teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí nua sna deich mbliana atá romhainn, rud a athróidh an bealach a dhéanann siad leictreachas a ghiniúint, a stóráil agus a úsáid. 

D’fhonn freastal a dhéanamh ar riachtanais athraitheacha na sochaí agus chun spriocanna gníomhaithe ar son na haeráide a bhaint amach, tá infheistíocht measta €10 mbilliún euro leagtha amach ag ESB Networks go dtí 2030 chun gréasán leictreachais níos cliste agus níos solúbtha a fhorbairt. Beidh an plean bunathraitheach ina chuid lárnach den obair chun todhchaí ghlan leictreach a sholáthar agus chun tacú le hacmhainní in-athnuaite a nascadh leis an líonra.  Freastalóidh sé freisin ar an éileamh méadaithe a bhfuiltear ag súil leis ar leictreachas in Éirinn mar thoradh ar an bhfás sa tionscal, ar thionscadail tithíochta nua agus ar leictriú iompair agus teasa. Faoin Straitéis, déanfar obair i gcomhar leis na páirtithe leasmhara go léir i dtreo todhchaí Ghlan-Nialais arna cumhachtú ag leictreachas glan. 

Beidh ESB Networks ag earcú líon suntasach daoine thar na cúig bliana atá amach romhainn chun seachadadh na Straitéise a chur chun cinn. Is gá tuilleadh forbartha a dhéanamh faoin Straitéis ar chaidrimh chomhpháirtíochta leis an slabhra soláthair domhanda agus le conraitheoirí.  

Faoin Straitéis ‘Líonraí i dTreo an Ghlan-Nialais’: 

  • Cumasófar 9 gigeavat (GW) de ghaoth ar talamh, 8 GW de ghrianfhuinneamh, agus 5 GW ar a laghad de ghaoth amach ón gcósta. 
  • Soláthrófar an cumas chun suas le 30% den éileamh leictreachais a bhainistiú go solúbtha. 
  • Déanfar líonra dáileacháin cliste a sholáthar trí chlár de chuid ESB Networks ar a dtugtar Líonraí Náisiúnta, Naisc Áitiúla.  
  • Déanfar giniúint in-athnuaite a nascadh chun suas le 80% de leictreachas dícharbónaithe a chumasú. 
  • Tabharfar tacaíocht do ghealltanais an Rialtais faoin gclár Tithíocht do Chách’ trí níos mó ná 300,000 teach nua a nascadh faoi 2030.

Seo an méid a bhí le rá ag an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD: “Táimid ag pointe ríthábhachtach i ngéarchéim na haeráide. Nuair a bhuailim le grúpaí, cuideachtaí nó eagraíochtaí fuinnimh, deirim leo go bhfuil an eangach ríthábhachtach dár dtodhchaí in-athnuaite. Cuirim fáilte roimh Straitéis uaillmhianach ESB Networks a seoladh inniu toisc go leagtar amach inti treochlár soiléir maidir leis an ról lárnach a bheidh ag ár gcóras leictreachais ó thaobh Éire a aistriú go glan-nialas agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an athraithe aeráide.”  

“Ag cur le hoidhreacht láidir ESB Networks, aithníonn an Straitéis an tábhacht a bhaineann le líonra leictreachais a fhorbairt atá ullmhaithe agus trealmhaithe chun freastal iomchuí a dhéanamh ar riachtanais athraitheacha thithe, fheirmeacha agus ghnólachtaí na hÉireann, agus chun dícharbónú gheilleagar agus shochaí na hÉireann a chumasú. Cuirim fáilte go speisialta roimh an infheistíocht ilbhilliún euro agus an feachtas earcaíochta suntasach atá beartaithe chun a chinntiú go mbainfear amach ár spriocanna um ghníomhú ar son na haeráide.” 

De réir Stiúrthóir Bainistíochta ESB Networks, Nicholas Tarrant: “Léiríonn ár Straitéis ‘Líonraí i dTreo an Ghlan-Nialais’ ról ceannaireachta agus tiomantas ESB Networks maidir le Spriocanna an Rialtais a leagtar amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide do 2025 agus 2030 a bhaint amach. Chomh maith leis sin, cuireann an Straitéis seo ESB Networks faoi cheangal Líonra Dáileacháin a bheidh Réidh don Ghlan-Nialas Carbóin a chur ar fáil faoi 2040. Úsáidfidh an córas seo ardleibhéil ghiniúna ar fhuinneamh in-athnuaite chun leictreachas glan a sholáthar a úsáidfear in ionad breoslaí iontaise nuair is féidir agus, mar thoradh air sin, beifear in ann sochaí na hÉireann a dhícharbónú. Is éard atá i gceist leis an Straitéis seo ná tús áite a thabhairt do chustaiméirí agus gach aon duine a chumasú chun a bheith páirteach san aistear chun an Ghlan-Nialais. Táimid ag tnúth le bheith chun tosaigh san aistear seo, le hathruithe bunathraitheacha a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na haeráide, agus le tacaíocht a thabhairt d’Éirinn bhríomhar nua-aimseartha sna glúnta atá le teacht."

Is féidir an Straitéis iomlán a léamh anseo esbnetworks.ie/strategy 

CRÍOCH/ 

Ceisteanna ó na meáin le cur faoi bhráid: 

Paul Hand, Preasoifig BSL, 0857256798/paul.hand@esb.ie   

NÓTAÍ don eagarthóir: 

Tá an straitéis nua nasctha le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFIanna). Soláthraíonn na 17 sprioc idirnasctha seo treoirphlean domhanda a nglactar go forleathan leis chun todhchaí níos fearr agus níos inbhuanaithe a bhaint amach do chách faoi 2030. Feidhmíonn siad mar ghlaoch chun gnímh do thíortha, eagraíochtaí neamhrialtasacha, cuideachtaí, agus daoine aonair chun a ngníomhartha a ailíniú maidir le spriocanna coitianta atá tábhachtach do dhaoine agus don phláinéad. Tá Straitéis ESB Networks dírithe ar thrí cinn de na SFIanna inar féidir le ESB Networks difríocht bhuan inláimhsithe a dhéanamh – is iad sin: 

  • SFI 7: Rochtain a chinntiú do chách ar fhuinneamh inacmhainne, iontaofa, inbhuanaithe agus nua-aimseartha   
  • SFI 9: Bonneagar seasmhach a thógáil, tionsclaíocht chuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn agus nuálaíocht a chothú 
  • SFI 13: Gníomhú go práinneach chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus a thionchar  

Líonra Dáileacháin a bheidh Réidh don Ghlan-Nialas 

Leagtar amach saStraitéis ‘Líonraí i dTreo an Ghlan-Nialais’ tiomantas ESB Networks maidir le Líonra Dáileacháin a bheidh Réidh don Ghlan-Nialas a fhorbairt faoi 2040, rud a ligfidh d’Éirinn glan-nialas a bhaint amach tráth nach déanaí ná 2050. Tá an Straitéis á spreagadh chun cinn ag ról lárnach ESB Networks ar thús cadhnaíochta san aistriú i dtreo todhchaí sheasmhach inacmhainne ísealcharbóin a bhaint amach, ina n-úsáidfear leictreachas glan. Má bhunófar Líonra Dáileacháin a bheidh Réidh don Ghlan-Nialas faoin mbliain 2040, cumasóidh sé an t-aistriú i dtreo sochaí ghlan-nialais tráth nach déanaí ná 2050. 

Táimid tar éis trí chuspóir straitéiseacha a shainaithint atá i gcroílár chur chun feidhme ár Straitéise:  

Leictreachas Dícharbónaithe:  

Léirítear sa chuspóir seo ár ngealltanas tacú le hÉirinn an Ghlan-Nialas a bhaint amach trí nascadh acmhainní giniúna in-athnuaite a chumasú chun leictreachas a dhícharbónú. Anseo in ESB Networks, tá oibriú an chórais dáileacháin ag gach leibhéal voltais i gcroílár na hoibre a dhéanaimid sa lá atá inniu ann. Ciallaíonn an t-aistriú fuinnimh agus rolladh amach na dteicneolaíochtaí nua go dtiocfaidh athrú ábhartha ar an mbealach a bhainistímid an líonra amach anseo. Mar sin, de réir mar a aistríonn an córas leictreachais i dtreo samhla níos cliste agus níos inbhuanaithe, beidh gá le líonra digiteach atá solúbtha agus cliste a chur ar bun chun na hacmhainní nua seo a oibriú agus a bhainistiú.

Bonneagar seasmhach:

Aithnítear sa chuspóir seo go mbeidh líonra ag teastáil a bheidh in ann an fód a sheasamh in aghaidh thionchar an athraithe aeráide agus teagmhais shuaiteacha, amhail stoirmeacha agus cibearbhagairtí má táthar chun an t-aistriú chuig todhchaí ísealcharbóin arna cumhachtú ag leictreachas glan a bhaint amach. Aithníonn sé freisin go gcaithfimid cur leis an méid fuinnimh in-athnuaite a bhfuilimid in ann dó le go mbeimis in ann tuilleadh acmhainní giniúna in-athnuaite a nascadh lenár líonra. Anuas air sin, ní mór dúinn acmhainn líonra a sholáthar don éileamh a bhaineann le fás suntasach daonra, forbairtí nua tithíochta, fás eacnamaíoch, chomh maith leis an méadú suntasach ar éileamh a bheidh ann mar gheall ar leictriú an teasa, an iompair agus earnáil na tionsclaíochta.  

Custaiméirí Cumhachtaithe: 

Léiríonn an cuspóir seo ár ngealltanas go n-oibreoimid i gcomhar le custaiméirí agus le pobail chun tacú leo an Glan-Nialas a bhaint amach. Úsáidfimid sonraí agus teicneolaíochtaí digiteacha chun eispéireas áisiúil agus pearsantaithe a sholáthar do chustaiméirí. Forbróimid seirbhísí a bheidh bunaithe ar léargais freisin d’fhonn freastal ar riachtanais éagsúla custaiméirí de réir mar a thagann siad chun cinn. Cuirfidh ESB Networks réitigh i bhfeidhm dár gcuid custaiméirí líonra chun leictriú an teasa agus an iompair a chumasú. Déanfaimid níos éasca é do chustaiméirí agus do phobail a bheith rannpháirteach i margaí le haghaidh solúbthachta agus roghanna gníomhacha a dhéanamh maidir lena n-úsáid fuinnimh. 

Maidir le ESB Networks 

 

  • Ag ESB Networks, táimid ag seachadadh líonra leictreachais chun ár 2.4 milliún custaiméir a chumhachtú gach lá le roghanna agus solúbthacht maidir leis an mbealach a dhéanann siad leictreachas a úsáid, a ghiniúint, a thrádáil agus a stóráil.    
  • Trí infheistíocht a dhéanamh inár gcumas teicniúil agus trí chomhoibriú lenár gcomhpháirtithe, táimid ag soláthar líonra leictreachais atá sábháilte agus athléimneach don todhchaí. Agus thar aon ní eile, táimid ag réiteach an bhealaigh le haghaidh thodhchaí ghlan leictreach na hÉireann trí theas agus iompar a leictriú chomh maith le foinsí in-athnuaite a nascadh ar scála leis an ngréasán leictreachais.   
  • Tá líonra leictreachais na todhchaí á sholáthar againn, agus é deartha chun freastal a dhéanamh ar gach custaiméir leictreachais agus chun sochaí atá glan-nialas a chinntiú in Éirinn.   



Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun rochtain a fháil ar an Straitéis ‘Líonraí i dtreo an Ghlan-Nialais’, tabhair cuairt ar: esbnetworks.ie/strategy esbnetworks.ie/strategy 

     

     

     

     

Back