Faigh an nuacht is déanaí

Nuacht

Ba mhaith le ESB Networks a chur i gcuimhne dár gcustaiméirí go léir a bheith san airdeall ar iarrachtaí calaoiseacha ar fhioscaireacht a dhéanamh. Ní chuirfidh ESB Networks téacsteachtaireachtaí, glaonna nó ríomhphoist chugat riamh ina bhfuil nasc chuig leathanach logála isteach ar shuíomh gréasáin a iarrann ort sonraí pearsanta amhail sonraí bainc, paschóid aonuaire nó faisnéis phearsanta a roinnt. 

Féadfaidh sé go scaipfí ríomhphoist, glaonna nó téacsteachtaireachtaí fioscaireachta go randamach ó am go ham, agus an chuma orthu gur ó ESB Networks a tháinig siad. Is cosúil gur iarrachtaí ar fhioscaireacht a dhéanamh iad na glaonna, na ríomhphoist nó na téacsteachtaireachtaí seo - camscéim ina seoltar ríomhphoist nó téacsteachtaireachtaí calaoiseacha, nó ina gcuirtear glaonna calaoiseacha ar dhaoine, mar iarracht faisnéis phearsanta nó airgeadais a fháil uathu trí chleasaíocht.

Má fhreagraíonn duine, nó má chliceálann duine ar aon cheann de na naisc nó ceangaltáin sna ríomhphoist nó sna téacsteachtaireachtaí seo, tabharfar chuig leathanach bréige iad a dhéanfaidh iarracht iad a mhealladh trí chleasaíocht chun faisnéis phearsanta, amhail ainm úsáideora, pasfhocal nó faisnéis faoi chárta creidmheasa nó chuntas bainc, a chur isteach. Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh glaoiteoir gutháin iarracht a dhéanamh custaiméir a mhealladh trí chleasaíocht chun a gcuid sonraí bainc a thabhairt ar son tairiscint speisialta nó lacáiste éigin.

An-seans go bhfuil cuma réalaíoch ar na lógónna a úsáidtear, go bhfuil an téacs scríofa i stíl oifigiúil nó go bhfuil cuma aithnidiúil ar an mbrandáil sa chomhfhreagras. Féadfaidh freisin go dtabharfar nasc sa ríomhphost nó sa téacsteachtaireacht chuig clóin chruinn de leathanaigh ghréasáin oifigiúla. Mar sin féin, is ríomhphoist, glaonna, nó téacsteachtaireachtaí calaoiseacha iad seo agus níl baint ar bith acu le ESB Networks.

Back