Faigh an nuacht is déanaí

Nuacht

Beidh an Scéim um Shochar Éigeandála Costais Leictreachais II á hoibriú ag soláthróirí leictreachais agus Líonraí ESB. Gheobhaidh ESB Networks an maoiniú as an Státchiste ar dtús agus aistreoidh sé é chuig Soláthróirí leictreachais. Beidh Soláthróirí Leictreachais freagrach as €183.49 (gan CBL a áireamh) a chur do shochar chuntas gach custaiméara leictreachais baile.

Cuirfidh soláthróirí leictreachais na creidmheasanna i bhfeidhm ar gach cuntas de chuid sealbhóirí cuntais leictreachais baile atá cláraithe le soláthróir leictreachais i bPoblacht na hÉireann ar na dátaí seo a leanas:

  • 27 Deireadh Fómhair 2022 i ndáil leis an Tréimhse Íocaíochta Samhain-Mí na Nollaig
  • 20 Nollaig 2022 i ndáil leis an Tréimhse Íocaíochta Eanáir-Feabhra
  • 27 Feabhra 2023 i ndáil leis an Tréimhse Íocaíochta Márta-Aibreán

Ciallaíonn sé seo go mbeidh gach custaiméir cláraithe a bhfuil rangú MPRN DG1 (custaiméirí baile uirbeacha) nó DG2 (custaiméirí baile tuaithe) acu ar na dátaí thuasluaite incháilithe chun na creidmheasanna a fháil, custaiméirí Íoc-mar-a-úsáidtear san áireamh.  Is féidir teacht ar an rangú DG a bhaineann le do MPRN ar leathanach tosaigh an bhille/ráitis leictreachais a fhaigheann tú ó do sholáthróir leictreachais.  

Cuirfidh do sholáthróir an creidmheas i bhfeidhm ar do chuntas go huathoibríoch mar chreidmheas ar do bhille nó mar bhreisiú ar do mhéadar réamhíocaíochta.

Ba cheart aon cheist a bhaineann le creidmheasanna a chur i bhfeidhm ar chuntais aonair a chur faoi bhráid an tSoláthróra leictreachais a bhí cláraithe le d'uimhir MPRN ar na dátaí thuasluaite.

Is féidir tuilleadh sonraí a fháil trí bhrabhsáil a dhéanamh ar shuíomh gréasáin do Sholáthróra leictreachais agus trí Threoir-Dhoiciméad Scéimean Choimisiúin um Rialáil Fóntais agus Ceisteanna Coitianta an Choimisiúin um Rialáil Fóntais arna bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Rialáil Fóntais a léamh.

Ba mhaith le ESB Networks a chur i gcuimhne do custaiméirí a bheith san airdeall ar iarrachtaí calaoiseacha ar fhioscaireacht a dhéanamh.  Ní chuirfidh ESB Networks téacsteachtaireachtaí, glaonna nó ríomhphoist chugat riamh ina bhfuil nasc chuig leathanach logála isteach ar shuíomh gréasáin a iarrann ort sonraí pearsanta amhail sonraí bainc, paschóid aonuaire nó faisnéis phearsanta a roinnt.  Féach Iarrachtaí Calaoiseacha ar Fhioscaireacht a dhéanamh chun tuilleadh eolais a fháil.

     

     

Back