Faigh an nuacht is déanaí

Nuacht

Tá an milliúnú méadar cliste leictreachais suiteáilte anois ag ESB Networks i gCionn Sáile, Co. Bhaile Átha Cliath mar chuid den Chlár Náisiúnta um Méadrú Cliste a chur i bhfeidhm.

Tá an clár athsholáthair méadar ina phríomhchumasóir don Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus tá sé á sheachadadh i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntas agus le páirtithe leasmhara eile sa tionscal.

Cuireadh tús in 2019 leis an gcur chuige céimnithe maidir le rolladh amach na méadar cliste, agus laistigh de thrí bliana, in ainneoin sraith de mhoilleanna agus srianta de dheasca Covid-19, is féidir a rá ón tseachtain seo ar aghaidh go bhfuil milliún méadar cliste leictreachais suiteáilte in Éirinn anois.

Ligeann méadair chliste do chustaiméirí smacht a fháil ar a n-úsáid fuinnimh agus deis a thabhairt dóibh rochtain a fháil ar bhillí níos cruinne; clárú a dhéanamh le haghaidh seirbhísí agus taraifí cliste óna soláthróirí; agus sonraí a fháil go luath amach anseo ar Thairseach Custaiméirí ESB Networks úrnua maidir leis an leictreachas atá úsáidte acu.

De réir mar a théann an clár ar aghaidh, cuirfear tuilleadh seirbhísí nua ar fáil do chustaiméirí, rud a thacóidh lenár n-aistriú chuig todhchaí ghlan leictreach atá á chur ar aghaidh ag fuinneamh in-athnuaite. 

Agus 10,000 méadar á suiteáil in aghaidh na seachtaine, tá an Clár Náisiúnta um Méadrú Cliste ar an mbóthar ceart chun a chinntiú go mbeidh méadar cliste á úsáid ag gach teach, feirme agus gnó in Éirinn faoi dheireadh 2024.  Rinneadh an obair go dtí seo ar bhonn céimnithe de réir ceantair, agus tá plean mionsonraithe i bhfeidhm anois maidir leis an rolladh amach sa chuid eile den tír. 

Tá ESB Networks ag súil le leanúint ar aghaidh ag obair lenár gcustaiméirí, údaráis rialála agus comhghleacaithe tionscail in 2023, agus muid ag leanúint leis an gclár cur chun feidhme ar fud na hÉireann.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig na Ceisteanna Coitianta ar an leathanach a bhaineann le cúrsaí cliste anseo.

Back