Faigh an nuacht is déanaí

Nuacht

Tá Neoen tar éis an chéad ghrianfheirm thalamhshuite in Éirinn a fhuinnmhiú agus is díol suntais é go bhfuil an ghrianfheirm seo nasctha leis an eangach náisiúnta.

Is í Millvale Solar an chéad ghrianfheirm thalamhshuite ar mhórscála chun leictreachas a sholáthar d’eangach náisiúnta na hÉireann.

  • Agus acmhainn iomlán 15 MWp ag an ngrianfheirm seo a chumhdaíonn 25 heicteár, beidh Millvale Solar ag feidhmiú go hiomlán faoi dheireadh mhí na Bealtaine 2022
  • Bhí Millvale i measc na dtionscadal a bhuaigh sa chéad cheant de Scéim Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite (RESS 1) de chuid rialtas na hÉireann, mar aon le dhá fheirm ghréine eile de chuid Neoen: Baile an Chnoic (18 MWp) agus Baile na Scológ (25 MWp) atá á dtógáil faoi láthair
  • Oibríonn Neoen ocht bhfeirm ghaoithe sa tír seo freisin, lena mbaineann comhacmhainn iomlán 53.4 MW, agus tá punann os cionn 400 MW de thionscadail ghréine agus ghaoithe á bhforbairt ag an gcuideachta, rud a ligeann di láithreacht láidir a bhunú in earnáil fuinnimh in-athnuaite na hÉireann

Is cúis áthais do Neoen, ceann de phríomhtháirgeoirí neamhspleácha an domhain ar fhuinneamh in-athnuaite amháin, a fhógairt go bhfuil a ghrianfheirm Millvale (15 MWp, Contae Chill Mhantáin) nasctha anois le heangach náisiúnta na hÉireann, naoi mí tar éis maoiniú a fháil don tionscadal. Beidh an fheirm ag feidhmiú go hiomlán faoi mhí na Bealtaine 2022.

Tá Millvale ar cheann de thrí ghrianfheirm atá go hiomlán faoi úinéireacht Neoen. Tá an dá cheann eile – Baile an Chnoic (18 MWp, Contae na Mí) agus Baile na Scológ (25 MWp, Contae Chill Dara) – á dtógáil faoi láthair. Bhí na grianfheirmeacha seo i measc na dtionscadal a bhuaigh sa chéad cheant de Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS 1) de chuid rialtas na hÉireann (RESS 1) in 2020. Beidh an fuinneamh a ghineann na grianfheirmeacha á dhíol faoi PPAanna (comhaontuithe ceannaigh cumhachta) arna dtacú ag rialtas na hÉireann trí mheicníocht Chonradh Difríochta a bheidh bailí go dtí 2037.

Chuir an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD fáilte roimh an bhfógra inniu: "Tá ríméad orm go bhfuil Millvale nasctha anois agus é ina chéad ghriantionscadal in Éirinn ar scála na heangaí. Is ócáid thábhachtach í seo do Neoen, dóibh siúd go léir a bhfuil baint acu leis an tionscadal a sheachadadh, agus go háirithe, do chóras leictreachais na hÉireann agus do ESB Networks. Is é seo an chéad cheann de na griantionscadail go léir a bhfuiltear ag súil lena bhfuinnmhiú faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS) i mbliana, agus túsphointe tábhachtach ar ár n-aistear faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide maidir le suas le 2.5GW grianchumhachta a bhaint amach ar an gcóras leictreachais faoi 2030. Tá an rialtas seo 100% tiomanta d'aistriú ar scála agus ar luas chuig córais fuinnimh in-athnuaite. Tá an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite ar cheann de na príomhbheartais atá leagtha amach sa Chlár Rialtais agus sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin aeráide na hÉireann sna blianta atá amach romhainn. Tacaíonn RESS le fás an gheilleagair ghlais, cruthaíonn sé deiseanna oibre inbhuanaithe, agus téann sé chun tairbhe do shaoránaigh de réir mar a éiríonn fuinneamh in-athnuaite níos éifeachtaí ó thaobh costais de agus a thagann sé in áit ár spleáchais ar bhreoslaí iontaise."

Dúirt Cyril Perrin, Stiúrthóir Bainistíochta Neoen Ireland: "Táimid bródúil le bheith ar an gcéad chuideachta chun grianfhuinneamh a sholáthar d’eangach náisiúnta na hÉireann, sprioc thábhachtach i straitéis na hÉireann maidir lena meascán fuinnimh a éagsúlú. 

Táimid thar a bheith sásta le cé chomh tapa is a rabhamar in ann an chéad tionscadal seo a chur i gcrích. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Comhairle Contae Chill Mhantáin agus leis an bpríomhchonraitheoir Omexom, chomh maith lena fhochonraitheoirí agus leis na páirtithe leasmhara áitiúla – na feirmeoirí ar leo an talamh, cónaitheoirí Millvale, ESB Networks agus ár gcomhpháirtí BNRG -– as an muinín a bhí acu asainn. Tugann na trí ghrianfheirm nua seo bunús láidir chun griantionscadail, tionscadail ghaoithe agus tionscadail stórála eile a shaothrú go gníomhach chun ár bhforbairt in Éirinn a spreagadh chun cinn."

Dúirt Stiúrthóir Bainistíochta ESB Networks, Nicholas Tarrant: "Tá Líonraí ESB ag obair chun suas le 80% den ghiniúint leictreachais in-athnuaite a nascadh agus a éascú faoi 2030, mar atá leagtha amach i bPlean Gníomhaithe an Rialtais ar son na hAeráide. Bainfear é seo amach trí ghineadóirí nua in-athnuaite a chumasú le nascadh leis an líonra leictreachais, agus beidh ról tábhachtach ag forbairt na grianchumhachta ar scála na heangaí chun an sprioc seo a bhaint amach. Táimid bródúil as an obair foirne den scoth a rinneadh idir ár gcustaiméir Neoen agus gach aon duine atá ag obair do ESB Networks a thug na chéad ghriantionscadail in Éirinn atá ar scála na heangaí ón tús ar fad chomh fada lena bhfuinnmhiú deiridh. Tréaslaímid le Neoen as an éacht stairiúil seo agus guímid gach rath orthu ina gcuid tionscadal amach anseo."

Mar fhocal scoir, dúirt Xavier Barbaro, Cathaoirleach agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Neoen: "Tá ár bhfoireann in Éirinn lonnaithe anseo ó bhí 2019 ann agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leo as an gcéad ghrianfheirm seo a choimisiúnú ar an dá luas. Arís eile, léiríonn an obair iontach seo cumas Neoen ár ngealltanais a chomhlíonadh. Faoinár straitéis fhadtéarmach atá bunaithe ar ár múnla féin a bhaineann le tionscadail a fhorbairt chun a bheith faoi úinéireacht againn, tabharfar deis dúinn cur go gníomhach le haistriú fuinnimh Phoblacht na hÉireann trí fhuinneamh glas iontaofa a chur ar fáil a ghintear go háitiúil agus atá inacmhainne thar aon rud eile.”

Tá tógáil na ngrianfheirmeacha seo tar éis thart ar 100 post a chruthú, agus 11 ghnólacht áitiúla páirteach san obair. Cuirfear caora ar féarach sna grianfheirmeacha chun smacht a choinneáil ar chúrsaí fásra. Tá an dara ceann de na trí ghrianfheirmeacha le coimisiúnú sna seachtainí atá amach romhainn, agus tá an tríú ceann le coimisiúnú sa tríú ráithe i mbliana. Le chéile, ginfidh siad go leor leictreachais chun 12,700 teach a chumhachtú agus seachnófar leo breis agus 17,000 tonna astaíochtaí CO2 in aghaidh na bliana.

Cuirfear ranníocaíocht airgeadais ar fáil le haghaidh tionscadail phobail chun tacú le tionscnaimh forbartha áitiúla. Is fiú thart ar €100,000 sa bhliain an ranníocaíocht airgeadais seo ar feadh thréimhse na tacaíochta RESS. Oibríonn Neoen ocht bhfeirm ghaoithe sa tír seo freisin, lena mbaineann comhacmhainn iomlán 53.4 MW, agus tá punann os cionn 400 MW de thionscadail ghréine agus ghaoithe á bhforbairt ag an gcuideachta, rud a ligeann dó láithreacht láidir a bhunú in earnáil fuinnimh in-athnuaite na hÉireann.

Back