Sonrasc ó ESB Networks a Íoc
Déan an íocaíocht ar cibé bealach is fearr a fheileann duitse. Roghnaigh ceann de na modhanna seo a leanas: ríomhaistriú airgid, cártaí Laser/Visa Debit, Íocaíocht ar líne nó seic, dréacht bainc nó ordú poist a chur chugainn tríd an bpost. Tá breac-chuntas tugtha ar na modhanna íocaíochta ar fad thíos.
Íocaíocht ar líne
Modh Íocaíochta |
Eolas |
Cártaí Laser/Visa Debit
|
Íocaíocht ar líne nó
Fón: 1850 372 757
nó
+353 21 2386555
|
Seiceanna, Dréachtaí Baincéara, Ordú Poist
|
Bíodh do sheic, do dhréacht bainc nó d’ordú poist iníoctha le ESB Networks. Ansin seol é chuig:
ESB Networks
Rannóg na gCuntas Infhála
Bóthar an tSáirséalaigh
Wilton
Corcaigh
Éire
Ná seol airgead tirim tríd an bpost. Ná déan dearmad do chomhdhuille íocaíochta a cheangal.
|
Ríomhaistriú Airgid (EFT)
|
Beidh na sonraí seo a leanas de dhíth ort chun íoc trí EFT ó do chuntas bainc:
Uimhir do chuntais (sa chúinne ag barr do shonraisc nó d’iarratais íocaíochta ar chlé)
Ina theannta sin, luaigh na 8 ndigit dheireanacha d’uimhir an tsonraisc nó den iarratais íocaíochta atá ag barr an tsonraisc ar chlé.
IBAN: IE 35AIBK93208681900590
BIC: AIBKIE2D
Seol duillíní íocaíochta tríd an ríomhphost chuig fin.ops.otc1@esb.ie
|
Tábla 1 - Eolas faoi Mhodhanna Íocaíochta