Is éard is Uasacmhainn Iompórtála (MIC) ann ná an leibhéal uaséilimh leictreachais ar féidir le do nasc lenár líonra déileáil leis. Sonraítear MIC i gcilea-voltaimpéar ach tá an luach seo, i bhformhór na gcásanna, cosúil le líon na gcileavataí ar féidir leis an nasc déileáil leis.
Cuirimid naisc ar fáil a fhreastalaíonn do roinnt mhaith leibhéal difriúil úsáide leictreachais. Nuair atá tú ag cur isteach ar nasc nua, caithfidh tú an leibhéal uaséilimh leictreachais a shonrú a bheidh de dhíth ort. Luaitear an leibhéal sin sa chomhaontú nasctha mar an MIC. Ansin déanaimid an líonra a dhearadh le modh nasctha a chur ar fáil de réir an MIC a comhaontaíodh.