ESB Networks agus Saincheisteanna Voltais

Soláthraíonn ESB Networks leictreachas i raon voltais idir 207 Volta agus 253 Volta. Tá sé sin de réir Chaighdeán Eorpach EN50160.

Volatge Issues

Comharthaí go mb’fhéidir go bhfuil fadhb voltais agat

Uaireanta d’fhéadfadh fadhb tarlú a fhágann nach féidir leibhéal leanúnach voltais a choinneáil. Seo a leanas comharthaí coitianta gurb ann d’fhadhb voltais:

  • Íslíonn soilse nuair a úsáidtear trealamh eile.
  • Tógann sé tamall fada ar an citeal uisce a fhiuchadh.
  • Teipeann ar mhótair leictreacha tosú an chéad uair.

Tabhair do d'aire: Tarlaíonn fadhbanna den sórt sin má tá acmhainn do naisc leictreachais sáraithe agat freisin. Sa chás sin, beidh ort do leibhéal soláthair a mhéadú.

Céard is féidir a dhéanamh

Má chreideann tú go bhfuil fadhb agat le do voltas, cuir glao ar 1850 372 757 nó ar +353 21 2386555 nó cuir ríomhphost chuig: esbnetworks@esb.ie

Beimid i dteagmháil leat taobh istigh de choicís leis an bhfadhb a mheas. Má fhaighimid amach nach gcomhlíonann an voltas na Caighdeáin Eorpacha (EN50160), déanaimid ár ndícheall le teacht ar an réiteach is fearr ar an bhfadhb.