An chaoi a gcinntímid go bhfuil méadair chliste sábháilte
Tá teorainneacha nochta i bhfeidhm ar mhaithe le cosaint an phobail, agus is comhlachtaí idirnáisiúnta atá go hiomlán neamhspleách a shocraíonn iad. Cinntíonn ESB Networks go bhfuil an uile nochtadh ó mhéadair chliste ag comhlíonadh na dteorainneacha nochta sábháilte sin. Is é fírinne an scéil go bhfuil siad comhlíontach le farasbarr mór mar gheall go mbíonn an nochtadh ó mhéadair chliste chomh híseal sin.
Tuilleadh eolais maidir leis an gcaoi a gcinntímid go bhfuil méadair chliste sábháilte
An teicneolaíocht a mbaineann méadair chliste úsáid aisti
Déanann na méadair chliste tomhas ar d’ídiú ar an gcaoi chéanna le gach cineál eile méadar digiteach nua-aimseartha. Ansin seolann siad an fhaisnéis sin chuig ESB Networks trí líonra fón móibíleach 2G. Mar sin is féidir smaoineamh air amhail go bhfuil an fhaisnéis á seoladh i dteachtaireacht téacs.
Tuilleadh eolais ar an gcaoi a n-oibríonn méadair chliste.
An nochtadh a chruthaíonn siad
Táirgeann méadair chliste leibhéal íseal radaimhinicíochtaí leictreamaighnéadacha ar na cúiseanna seo: bíonn cumhacht an tarchuir íseal agus is gnách nach mbíonn tú go díreach in aice leis an méadar nuair a dhéanann sé tarchur. Bíonn tréimhse an tarchuir gearr chomh maith – is iondúil nach seoltar ach aon teachtaireacht ghearr amháin sa lá sa ghnáthchúrsa.
Tuilleadh eolais ar theorainneacha nochta
An méid a deirtear san fhianaise eolaíochta
Bíonn roinnt imní ann faoi na tionchair fhéideartha shláinte a bhaineann le réimsí radaimhinicíochta leictreamaighnéadaí, go háirithe an nochtadh ó fhóin phóca. Tá mórán staidéar eolaíochta déanta. Tríd is tríd, ní thugann an fhianaise le fios go bhfuil aon tionchair shláinte ann. Is deimhin go dtuairiscítear tionchar i roinnt staidéir aonair, ach is ina choinne atá an fhianaise ina hiomláine.
Tuilleadh eolais ar an bhfianaise eolaíochta