Mar chuid den Phlean Gnímh don Aeráid, tá ESB Networks chun 2.4 milliún méadar den chéad ghlúin eile a fheistiú i dtithe, feirmeacha agus gnóthais ar fud na hÉireann.Tá an teicneolaíocht nua seo in úsáid cheana féin i mbreis agus 500 milliún áitreabh ar fud na cruinne agus beidh buntáistí i gceist léi don chustaiméir, don chomhshaol agus don gheilleagar.
Buntáistí don chustaiméir: Ó 2021 ar aghaidh, tabharfaidh do mhéadar cliste eolas níos cruinne duit maidir leis an bhfuinneamh a úsáideann tú, rud a chuirfidh ar do chumas d’ídiú fuinnimh a bhainistiú ar bhealach níos fearr. Cuirfidh na méadair chliste le hiomaíocht sa mhargadh freisin agus méadóidh raon na dtáirgí agus na seirbhísí a bheidh á gcur fáil. Faoi láthair, léann ESB Networks do mhéadar leictreachais de láimh oiread agus ceithre huaire sa bhliain. Ón mbliain 2021 ar aghaidh, beidh na méadair chliste in ann léamha méadair a sheoladh go huathoibríoch chuig ESB Networks, rud a fhágann go mbeidh ré an bhille mheasta nach mór thart.
Buntáistí don chomhshaol agus don gheilleagar: Cumasóidh na méadair chliste an t-aistriú chuig líonra leictreachais ar bheag-astú carbóin, forbairt eangacha cliste, agus tacóidh le leictriú córas téimh agus iompair, giniúint in-athnuaite áitiúil, agus micreaghiniúint.
Ina theannta sin, is féidir le méadair chliste laghdú ar úsáid agus giniúint leictreachais a éascú, go háirithe ag buaicuaireanta, rud a chabhróidh linn a bheith níos tíosaí ar fhuinneamh agus ár n-astaíochtaí carbóin a laghdú.