ESB Networks agus Léamh Méadair
Tá ESB Networks freagrach as na méadair leictreachais ar fad i ngach teach agus gnó in Éirinn. Léimid gach cineál méadair, amhail méadair mheicniúla, leictreonacha agus íoc-mar-a-úsáidtear.
Seol Chugainn Léamh Méadair
Léamh Méadair de réir na Ceathrún Uaire
I gcás tomhaltóirí móra tráchtála agus tionsclaíocha, úsáidtear an Méadrú de réir na Ceathrún Uaire (QH). Déanann na méadair seo taifead ar an ídiú leictreachais do gach tréimhse 15 nóiméad i gcaitheamh an lae.
Níl an t-eolas sin ar fáil ar thaispeáint an mhéadair. Ina áit sin, taispeánann an méadar iomlán carnach an ídithe lae agus oíche. Léimid na méadair QH ar fad trí chian-nasc. Tar éis dúinn na sonraí a bhailíochtú, tugaimid na léamha ar aghaidh do do sholáthraí.
Mura n-éiríonn linn do mhéadar a léamh, tabharfaidh duine dár dteicneoirí cuairt ar do áitreabh leis an bhfadhb a réiteach. Féadfaidh sé na léamha a bhailiú de láimh freisin, más gá.