Méadar íoc-mar-a-úsáidtear
Feistíonn ESB Networks méadair íoc-mar-a-úsáidtear do chustaiméir nuair a iarrann a sholáthraí leictreachais go ndéanfar amhlaidh.
Tá dhá chuid ag Méadar Íoc-mar-a-Úsáidtear:
- An Príomh-mhéadar: Cuirtear é sin in ionad an mhéadair atá agat cheana
- An tEochaircheap Custaiméara: Buailfear aláram ísealairde ón eochaircheap seo nuair is gearr nach mbeidh aon chreidmheas fágtha agat. Is féidir do chuntas a bhreisiú ag an bpríomh-mhéadar nó ag an eochaircheap custaiméara.
Feisteoidh teicneoir de chuid ESB Networks do mhéadar nua agus beidh beagáinín creidmheasa air cheana féin le cabhrú leat tosú amach leis.
Físeáin Eolais
Tá breac-chuntas tugtha sna físeáin thíos ar:
-
Conas Méadar Íoc-mar-a-Úsáidtear a fháil isteach agus conas do chuntas a bhreisiú.
-
Conas do Mhéadar Íoc-mar-a-Úsáidtear a leamh.
-
Freagraí ar na ceisteanna coitianta ar fad maidir le Méadair Íoc-mar-a-Úsáidtear.