It appears JavaScript is disabled. To get the most out of the website we recommend enabling JavaScript in your browser.
Úsáidtear fianáin ar an láithreán gréasáin seo, trí leanúint ar aghaidh aontaíonn tú lena n-úsáid. Tá tuilleadh eolais faoi fhianáin agus faoi cén chaoi iad a bhainistiú le fáil ar ár leathanach Príobháideachas. Dún
ACS
Is muidne ESB Networks. Déanaimid cinnte de go seachadtar leictreachas chuig tithe agus gnóthais na 2.3 milliún custaiméir atá againn ar bhealach slán, éifeachtúil. Tá breis is €6 billiún infheistithe againn sa líonra leictreachais le 10 mbliana anuas lena chinntiú gur féidir brath air agus go gcuireann sé ar chumas pobal agus gnóthas in Éirinn fás agus forbairt.
Cuirimid réimse leathan seirbhísí ar fáil dár gcustaiméirí, agus ní mór do gach duine acu a bheith cláraithe le soláthraí leictreachais. Gach bliain déanaimid níos mó ná 9 milliún léamh méadair agus tugaimid na torthaí do do sholáthraí lena chinntiú go dtabharfar bille ceart duit. Cuirimid réimse seirbhísí teicniúla ar fáil freisin mar an cumhacht a athsholáthar nuair a tharlaíonn fabhtanna sa líonra, mar shampla, de thoradh stoirmeacha. Déanaimid athruithe ar na línte leictreachais nuair a iarann an custaiméir é sin orainn, agus athraímid ár seirbhís nuair a iarann na soláthraithe orainn iad a dhéanamh. Ní mór íoc as cuid de na seirbhísí sin, áfach.
Tugaimid tús áite do do shábháilteacht. Foinse chumhachtach fuinnimh é leictreachas, ach is féidir leis a bheith contúirteach. Lean ár dtreoirlínte sábháilteachta i gcónaí. Lena chinntiú go mbeidh tú sábháilte fan glan amach ó shreanga leictreachais lasnairde agus faoi thalamh agus ó shreanga leictreachais atá tar éis titim. Bí ag faire amach do shreanga leictreachais i gcónaí nuair a bhíonn tú lasmuigh. ‘Fan slán, fan amach’. I gcásanna éigeandála glaoigh 1850 372 999.
Tugaimid tús áite do ghníomhú go freagrach i ngach gné dár ngnó.
Is éard is Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) ann ná uimhir 11 digit faoi leith atá sannta do do nasc agus do mhéadar leictreachais. Tosaíonn sé leis na digití 10 agus bíonn sé ar an mbille ó do sholáthraí leictreachais i gcónaí.
Léirítear san fhíseán gairid seo conas teacht ar d’uimhir.
Is éard is Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) ann ná uimhir 11 digit faoi leith atá sannta do do nasc agus do mhéadar leictreachais.