Méadar Am an Lae (Lá agus Oíche) le Diosca Imrothlach
Déanann an méadar seo taifead ar d’úsáid leictreachais i rith an lae agus i rith na hoíche. Má tá tú ar Tharaif Am an Lae, is dócha go mbeidh an cineál seo méadair agat. Tá lasc ama seachtrach faoi leith suiteáilte chun an taraif a rialú (bíonn an clog socraithe go MAG i gcónaí).
D’fhéadfadh sé go mbeadh an uimhir 1 agus 2 nó na huimhreacha rómhánacha I agus II in aice le gach clár. Ar na méadair ar fad de chuid ESB Networks, seasann an uimhir ‘1’ do do thomhaltas oíche agus an uimhir ‘2’ do do thomhaltas lae.
Conas léamh a ghlacadh
-
Breac síos an uimhir atá ar an taispeáint ó clé go deas ar gach ceann de na cláir.
- Ná tabhair aon aird ar aon fhigiúirí atá i gcló dearg ná a bhfuil bosca dearg timpeall orthu.