Méadair Leictreonacha Tí a Léamh

Méadar Leictreonach 24 Uair an Chloig a Léamh

Méadar Leictreonach 24 Uair an Chloig

Más ar tharaif uirbeach 24 uair an chloig nó ar tharaif thuaithe 24 uair an chloig atá tú, beidh méadar 24 uair an chloig agat, a d’fhéadfadh a bheith leictreonach. Déanann na méadair seo taifead ar d’úsáid leictreachais ar thaispeáint dhigiteach aonair.

Conas léamh a ghlacadh

  • Léigh na figiúirí ar an scáileán tosaigh ó chlé go deas, cuir na digití uile san áireamh agus tú á léamh.

  • Féadfaidh sé go dtaispeánfaidh méadair saighead ->, ní pointe deachúlach é seo

Méadar Leictreonach Am an Lae (Lá agus Oíche) a Léamh

Méadar Leictreonach Am an Lae (Lá agus Oíche)

Tá cnaipe taispeána ar na méadair ‘Am an Lae’ (Lá agus Oíche) ar fad.

Conas léamh a ghlacadh

Brúigh an cnaipe chun scrollú tríd an eolas ar an scáileán.

  • Beidh 2 le feiceáil ar thaobh na láimhe clé den Léamh Lae

  • Beidh 1 le feiceáil ar thaobh na láimhe deise den Léamh Oíche

  • Léigh na figiúirí ó chlé go deas, cuir na digití uile san áireamh agus tú á léamh.

  • Féadfaidh sé go dtaispeánfaidh méadair saighead ->, ní pointe deachúlach é seo.

Méadar Micrighiniúna Elster A1140 (Iompórtáil/Easpórtáil) a Léamh

Micro Generation Meter Desktop

Elster A1140 Micro Generation (Iompórtáil/Easpórtáil)

Má tá méadar iompórtála/easpórtála feistithe i gcomhair na Micrighiniúna, beidh taispeáint uathscrollaithe ag an méadar sin nó brúigh cnaipe gorm nó buí chun teacht ar an scáileán cuí.

 

Conas léamh a ghlacadh

Brúigh an cnaipe (nó léigh an taispeáint uathscrollaithe) chun an t-eolas atá sa tábla thíos a thaispeáint.

Uimh. an Scáileáin Taispeáint
 1 An Taispeáint Réamhshocraithe: Iomlán Iompórtáilte 24 uair an chloig kWh
 2 An dáta reatha
 3 An t-am reatha
 4 Iomlán Iompórtáilte 24 Uair an Chloig kWh 24 Uair an Chloig/7 Lá
 5 Iomlán Iompórtáilte Lae kWh (Ráta 2) 08:00 – 23:00 7 Lá/Seachtain
 6 Iomlán Iompórtáilte Oíche kWh (Ráta 1) 23:00 – 08:00 7 Lá/Seachtain
 7 Iomlán Easpórtáilte kWh 24 uair an chloig - 24 uair an chloig/7 lá
 8 Iomlán Easpórtáilte ar Laethanta den tSeachtain kWh (Ráta 6) 08:00 – 21:00 Luan go hAoine
 9 Iomlán Easpórtáilte Oíche agus Deireadh Seachtaine kWh (Ráta 5) 21:00 – 08:00 Luan go hAoine agus an Deireadh Seachtaine

 Tábla 1 - Uimhir an scáileáin agus cur síos ar taispeáint an mhéadair

Leid Sábháilteachta: Bí cúramach agus tú ag léamh do mhéadair, go háirithe má tá sé thuas go hard in áit nach bhfuil sé éasca teacht air.