Méadair Leictreonacha Ghnó a Léamh

Méadar ABB Vision/Elster A1700 a Léamh

ABB Vision Elster A1700 Meter

ABB Vision/Elster A1700

Tá taispeáint leictreonach ag an méadar leictreonach seo a athraíonn gach 9 soicind. Más é 548, 549, 645, 647 nó 650 d’uimhir RM, b’fhéidir go bhfuil an cineál seo méadair agat. Tá an uimhir RM ar an taobh ag bun ar chlé den mhéadar.

Conas léamh a ghlacadh

  • Úsáideann Custaiméirí Ráta Chomhréidh agus Am an Lae scáileáin 9, 10 agus 11
  • Úsáideann Custaiméirí Uaséilimh scáileáin 14, 16, 18, 19 agus 20. Más rud é nach bhfuil dáta an athshocraithe dheireanaigh ar scáileán 12 sa mhí reatha, ní féidir léamh a ghlacadh toisc nár athshocraíodh an méadar.
  • Breac síos na huimhreacha ó chlé go deas agus neamhaird á déanamh de na figiúirí ar thaobh na láimhe deise den phointe deachúlach.
Íoslódáil an Bhileog um Léamh Méadair

Méadar ABB/GEC PPM a Léamh

ABBGEC PPM Meter

Méadar ABB/GEC PPM

Más é 545 nó 667 d’uimhir RM, b’fhéidir go bhfuil an cineál seo méadair agat. Tá an uimhir RM ar an taobh ag bun ar chlé den mhéadar. Tá taispeáint leictreonach uathscrollaithe ag an méadar. Athraíonn an taispeáint gach 6 shoicind, agus é ag léiriú 13 phainéal eolais dhifriúla. Ráta Cothrom agus Am an Lae - úsáid Scáileáin 11, 12 agus 13.

Conas léamh a ghlacadh

  • Breac síos na huimhreacha ó chlé go deas. Déan neamhaird de na figiúirí ar thaobh na láimhe deise den phointe deachúlach.
  • Custaiméirí Uaséilimh - ná cuir isteach léamha méadair toisc nach féidir teacht ar an bhfaisnéis atá de dhíth le haghaidh na billeála ar an méadar seo. Má bhíonn aon cheist agat, téigh i dteagmháil le do sholáthraí leictreachais.
Íoslódáil an Bhileog um Léamh Méadair

Méadar Elster A1140/A1120 a Léamh

Micro Generation Meter Desktop

Elster A1140/A1120

Más é 648, 651, 627, 553 nó 551 d’uimhir RM, b’fhéidir go bhfuil an cineál seo méadair agat. Tá an uimhir RM ar an taobh ag bun ar chlé den mhéadar. B’fhéidir go bhfuil gné uathscrollaithe ag an méadar seo a athraíonn an scáileán go huathoibríoch. Ná brúigh an cnaipe ach amháin mura scrollaíonn taispeáint an mhéadair go huathoibríoch.

 Conas léamh a ghlacadh

  • Glactar léamh 24 uair an chloig (Iomlán an Lae agus na hOíche) ón scáileán CUM kWh.
  • Glactar léamh lae ón scáileán TOU ACTIVE 2 kWh. Ní chuirtear an pointe deachúlach san áireamh sa léamh.
  • An focal ACTIVE ​- aonaid lae atá á dtaifeadadh faoi láthair.
Íoslódáil an Bhileog um Léamh Méadair

Méadar Iskra MT173 a Léamh

ISKRA MT173 Meter

ISKRA MT173

Más é 649 nó 552 d’uimhir RM, b’fhéidir go bhfuil an cineál seo méadair agat.Tá an uimhir RM ar an taobh ag bun ar chlé den mhéadar. B’fhéidir go bhfuil gné uathscrollaithe ag an méadar seo a athraíonn an scáileán go huathoibríoch.

Conas léamh a ghlacadh - breac síos an uimhir ó chlé go deas. Má tá pointe deachúlach ag an méadar, ní chuirtear é sin san áireamh sa léamh.

1.8.2 = Léamh Lae 1.8.1 = Léamh Oíche

5.8.0 = Gan Vata 1.8.0 = Léamh 24 Uair an Chloig (Iomlán an Lae agus na hOíche))

Íoslódáil an Bhileog um Léamh Méadair

Leid Sábháilteachta: Bí cúramach agus tú ag léamh do mhéadair, go háirithe má tá sé thuas go hard in áit nach bhfuil sé éasca teacht air.