Suíomh do Mhéadair a Bhogadh
Má tá obair thógála ar siúl agat, b’fhéidir go mbeidh ort iarraidh orainn an méadar a bhogadh chuig suíomh nua. Is féidir linn an obair sin a éascú, cé go mbeidh costas i gceist léi. Caithfear íoc aisti roimh ré.
Ní mór a chur in iúl dúinn más gá do sheirbhís lastuas nó faoi thalamh a athrú le do mhéadar a bhogadh.
Más ag athrú do sheirbhíse atá tú, féach Seirbhís a Athrú.
Le heolas teicniúil a fháil ar na riachtanais a bhaineann leis an suíomh nua do do mhéadar, féach an doiciméad maidir le méadarchaibinéid Do Mhéadarchaibinéad (PDF | 1 MB) nó cuir glao ar 1850 372 757 nó ar +353 21 2386555 le cóip a iarraidh.
I gcás gnáthathruithe seirbhíse, is iondúil go gcuirtear an jab i gcrích laistigh de 3-4 seachtaine oibre tar éis an íocaíocht agus an deimhniú E.T.C.I. a fháil. Gach seans go dtógfadh athrú neamhghnách níos mó ama. Is féidir na tréimhsí ama i gcomhair obair neamhghnách a phlé lenár bhfoireann deartha.