Mura mbíonn aon obair shuntasach bhreise de dhíth, críochnóimid an obair ar do nasc taobh istigh de 12 sheachtain agus tar éis an íocaíocht a fháil.
Chun an sprioc seo a bhaint amach, ní mór do na nithe seo a leanas a bheith déanta:
- Caithfidh do chonraitheoir leictreachais do Theastas E.T.C.I. a chur ar fáil tar éis dó sreangú d’árasáin mhuintire nua a chur i gcrích. Caithfidh ESB Networks fógra leictreonach a fháil faoin sreangú deimhnithe sin ó chomhlacht rialála do chonraitheora chomh maith.
- Caithfidh tú dul i dteagmháil le ESB Networks chun a dheimhniú go bhfuil méadarchaibinéad taobh amuigh curtha ar fáil do na méadair leictreachais de réir Sonraíocht ESB Networks (PDF | 1MB). Le Teagmháil a Dhéanamh Linn cuir glao ar 1850 372 757 nó ar +353 21 2386555.
Tabhair do d'aire: Ní mór go mbeidh an méid thuas faighte dhá sheachtain sula mbeidh nasc do d’árasáin mhuintire de dhíth ort.
Faigh tuilleadh eolais faoin bPróiseas Deimhnithe
Tar éis na riachtanais ar fad thuas a chomhlíonadh agat, beimid in ann do nasc nua a chur i gcrích. Is é do chonraitheoir leictreachais a bheidh freagrach as an gcumhacht a dhéanamh beo i d’árasán muintire nua ansin.